As seo go ceann seachtaine a bheidh a gcomhdháil bhliantúil ag na ceardchumainn múinteoirí ag tosnú tráthnóna le comhdháil 3 lá Chumann na mBunMhúinteoirí an INTO i gCill Airne.
Amárach a bheidh an dá cheardchumann eile ag tabhairt faoi chomhdháil, Cumann na MeánMhúinteoirí an ASTI i Loch Garman agus Aontas na Múinteoirí an TUI i gCill Chainnigh, an péire ar siúl go dtí Déardaoin.
Tabharfaidh an tAire Oideachais Hildegarde Naughton aitheasc maidin amárach os comhair thoscairí an INTO i gCiarraí agus labharfaidh sí tráthnóna ag cruinniú an ASTI i Loch Garman.
Tá sé tugtha le fios go ndéarfaidh an tAire leis na bunmhúinteoirí go bhfuil 3 chuspóir aici as seo go ceann bliana - forbairt ghairmiúil múinteoirí, ag cuidiú le lucht scoile díriú níos fearr ar an múineadh, agus leasuithe ar an oideachas speisialta le córas cuimsitheach do chách a chinntiú.
Tá sé beartaithe freisin ag an Aire Naughton labhairt faoin 200 múinteoir a gortaíodh ag an obair le linn 2023 agus 2024, agus rún le plé ag an INTO ag éileamh cúiteamh ceart agus "saoire chuí" do mhúinteoirí a gortaítear agus iad ar dualgas.
Labharfaidh an tAire Oideachais agus an tAire Stáit don ArdOideachas James Lawless Dé Céadaoin ag comhdháil an TUI, a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí dara leibhéal agus ar léachtóirí tríú leibhéal.
Dé Céadaoin freisin tá an t-iarUachtarán Michael D Higgins le labhairt le toscairí an INTO.
Roimh dheireadh na míosa atá comhráití le tosnú leis an Rialtas faoin gcéad chomhaontú náisiúnta eile ar phá agus coinníolach oibre.
Pléifear é sin ag na comhdhálacha as seo go Déardaoin agus tarraingeofar anuas ábhar go leor eile chomh maith.
Tá rúin le plé faoin ardú ar an gcostas maireachtála, faoi ró-obair ar mhúinteoirí agus faoi athruithe atá á ndéanamh ar na hábhair a bhíonn ag daltaí dara leibhéal agus ar na módhanna le measúnú a dhéanamh orthu.

Sa tSraith Shinsearach tá sé i gceist gan a bheith ag brath chomh mór ar scrúduithe scríofa ag deireadh na bliana agus 40% de na marcanna sna hábhair eolaíochta agus sna hábhair gnó a bhronnadh ar thograí bliana, údar imní do mhúinteoirí a deir siad.
Tá fadhb mhór freisin a deir na ceardchumainn le múinteorí a earcú agus le múinteoirí a choinneáil, go háirid leis an gcostas maireachtála agus taistil ag dream ag obair sna bailte móra.
Deir múinteoirí go bhfuil an chuma air go bhfuil neamhaird á thabhairt ag an Rialtas ar an gceist ar an mbonn go mbeidh leigheas uaidh féin ar an dúshlán mar go bhfuil líon na ndaltaí sa mbunscoil ag laghdú agus gur gearr go dtosnóidh sé ag laghdú dá réir sa dara leibhéal.
I measc na rún eile atá le plé beidh díospóireacht ag an INTO faoin urraíocht a dhéanann Allianz ar chluichí gaelach Chumann na mBunscol, agus an chuideachta árachais cáinte ag fiosrú Francesca Albanese sna Náisiúin Aontaithe as an mbaint atá acu le sléacht Iosrael sna Críocha Gafa sa bPalaistín.


