Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Laoch carthanais Árainn Mhór básaithe

06 APRIL 2026, 12:43

Paddy Conaghan i 2023 nuair a bhronn Cumann Snámh Mara an Domhain gradam Fhear na Bliana air.
X Facebook

Tá bás fhear as Árainn Mhór a tharraing cáil go hidirnáisiúnta as a chuid gradaim snámha agus carthanais á chásamh i ngar is i gcéin.

85 a bhí Paddy Conaghan, ar ar bhronn Cumann Snámh Mara an Domhain gradam Fhear na Bliana 3 bliana ó shin, tar éis dó tabhairt faoi dhúshlán snámha thar timpeall chósta na hÉireann.

Ar feadh breis is bliana, ó mhí na Nollag 2021 nuair a d'fhág sé Árainn Mhór go Feabhra 2022, thiomáin sé cois cósta agus chuaigh sé amach ag snámh ó iliomad tránna agus céanna ag bailiú breis is €100,000 do Chiste Dóchais Gemma, maoiniú ar feadh 2 bhliain don carthanas comhairleoireachta a théann i ngleic le féinmharú.

Ina chamchuairt náisiúnta san veain a bhí aige, chuaigh sé amach ag snámh 4 huaire sa ló ar an meán, agus scaití níos minicí.

An bhliain dár gcionn thug sé faoin dúshlán céanna ar mhalairt treo cois cósta ag cruinniú airgid do charthanais éagsúla.

Paddy Conaghan, os cionn na gceithre scór, mí na Nollag 2022

Ina dhiaidh sin chuaigh sé ag snámh i loch i ngach contae sa tír ar son Chumann an Ghalair Néarón Luadrach, ansin in easanna ar son carthanais teiripe uisce.

Thug sé faoina dhúshlán deiridh snámha anuraidh ar thránna sa mBreatain Bheag thar ceann Chumann Marie Curie.

Le linn a chuid éachtaí bhí laethanta ann a mbíodh na múrtha amuigh ag snámh ina chuideachta.

Thosaigh sé ar na dúshláin tar éis bhás a iníne Angela Evans i 2020 agus ghríosaigh sé daoine aosta a bheith níos gníomhaigh agus tabhairt faoi aclaíocht amuigh faoin aer.

Mhol sé an snámh mara go mór in áit "gan a bheith ag déanta tada ach ag fanacht leis an tseanaois breith ort".

Chaith Paddy Conaghan a shaol oibre ina "thíogar tolláin" ag tochailt faoi thalamh sa Téalainn, Hong Cong, an Danmhairg agus sa mBreatain.

Tá Ciste Dóchais Gemma tar éis "fear lách, ceanúil, cineálta" a thabhairt air "a bhí ina inspioráid ag cách".

Beidh an Ciste i mbun garda onóra ag Cé Ailt an Chorráin amach sa lá nuair a bheidh corp Phaddy á thabhairt isteach go hÁrainn Mhór an uair dheireanach, roimh a shochraid Déardaoin.