Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Clabhsúr iomlán ar an gcogadh ón Iaráin, ag séanadh sprioc Trump

06 APRIL 2026, 17:41

Agóid inniu ag lucht leighis ag Ospidéal an Imam Khomeini i Tehran faoin líon atá maraithe in ionsaithe Mheiriceá agus Iosrael ar an tír.
X Facebook

Tá plean 2-chéim á chur chun cinn ag an bPacastáin le deireadh a chur le cogadh Mheiriceá agus Iosrael ar an Iaráin, agus le Caolas Hormuz a oscailt an athuair, agus an creatlach sin faighte ag an dá thaobh sa gcogaíocht agus iad á bhreithniú tráthnóna a deir foinse gar do na comhráití faoi shos comhraic le Reuters.

Tá Esmaeil Baghaei, urlabhraí Roinn Gnóthaí Eachtracha na hIaráine, tar éis deimhniú go bhfuil tréan-thaidhleoireacht ar bun ag an bPacastáin agus deir sé go bhfuil an Iaráin dírithe gan staonadh ar an tír a chosaint óna hionsaithe leanúnacha.

A woman walks among buildings destroyed in a joint attack by Israel and the United States in Tehran, Iran

Buamáileadh ollscoil i Tehran inniu agus Ionad Peitrecheimiceáin South Pars in Asaluyeh agus maraíodh 34 duine.

Tá an áisíneachta nuachta Axios ag tuairisciú ó inné go bhfuil na Stáit Aontaithe agus an Iaráin i mbun cainte le eadránaithe réigiúnda faoi shos comhraic a mhairfeadh 45 lá, an chéad chéim de mhargadh 2 chéim le deireadh iomlán a chuir leis an gcogadh.

Inniu tá sé ráite le Reuters go raibh Ceann Foirne Arm na Pacastáine Asim Munir i dteagmháil "ar feadh na hoíche" le LeasUachtarán Mheiriceá JD Vance, an Taidhleoir Speisialta atá ag an Uachtarán Trump Steve Witkoff, agus Aire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine Abbas Araghchi.

Tá sé molta san margadh atá á thairiscint anois go dtarlódh sos comhraic anocht nó amárach, go n-osclófaí arís an Caolas ciniúnach do bhreosla na cruinne, agus go mbeadh 20 lá ansin ann le theacht ar shocrú críochnúil ag cainteanna síochána idir ionadaithe na bpáirtithe in Islamabad, ardchathair na Pacastáine.

Phléifí ag na cainteana sin geallúintí nach rachadh an Iaráin sa tóir ar armlón núicléach a bhaint amach dóibh féin agus geallúintí óna Stáit Aontaithe go gcuirfí deireadh le smachtbhannaí agus go scaoilfí maoin atá reoite ag Washington.

"Ní osclófar Hormuz mar chuid de shos sealadach"

Tá sé tugtha le fios ag Tehran nach gcurfar deireadh leis an mbac atá curtha acu ar loingeas sa gCaolas mar chuid de shos comhraic nach mbeadh buan agus ní ghlacfaidh siad le spriocanna atá á gcumadh ag Trump atá Reuters a thuairisciú.

Deir Al Jazeera gur beag misnigh atá ag lucht ceannais san Iaráin nach lorgódh Washington díoltas arís amach anseo.

Trump
Trump ag caint ar ball beag

Inné a rinne Trump bagairtí gáirsiúla ar na meáin shóisialta go dtiocfadh "ionsaí as ifreann" ar stáisiúin leictreachais agus ar dhroichid ar fud na hIaráine muna n-osclófaí Hormuz faoi dheireadh an lae amárach.

Le cúpla nóiméad anuas, ag caint le tuairisceoirí os comhair an Tigh Bháin, dúirt sé gurbh é amárach an lá deireannach ag an Iaráin a theacht ar shocrú agus go bhféadfaí "réimeas Tehran a chur den tsaol in aon oíche amháin".

Dúirt sé go bhfuil Meiriceá tar éis féachaint ar mholtaí le sos 45 lá a bheith sa gcogaíocht, "céim shuntasach" a dúirt sé "ach ní leor é" agus dúirt sé go bhfuil lucht eadrána "i mbun idirbheartaíochta láthair na huaire".

Dúirt sé chomh maith "nach bhfuil imní dhá laghad orm gur coir cogaidh a bheadh ann" dá ndéanfaí oll-ionsaí ar chóras leictreachais na hIaráine.

Rinne sé gaisce freisin gur seoladh 170 soithíoch aeir le píolóta a bhí ar iarraidh san Iaráin a thabhairt slán tar éis d'fhórsaí cosanta na tíre sin an t-eitleán cogaidh a bhí aige a ionsaí agus a chur go talamh an tseachtain seo caite.

Agus bhagair an tUachtarán príosún ar an tuairisceoir a sceith an scéala ar dtús faoin eachtra sula raibh sé foilsithe go hoifigiúil aige féin.

An Iaráin ag troid go tréan i gcónaí

Tá Rialtas Tehran ag seasamh an fhóid agus ionsaithe déanta acu ar ionaid ola i mBairéin agus sna hEimíríochtaí Arabacha agus ar long lastais de chuid Iosrael sa gCúáit, ainneoin go bhfuil sé ráite arís is arís eile ag Trump go bhfuil díothú déanta ar chumas diúracán agus dróin na hIaráine.

Caitheadh maidhm throm roicéad le Iosrael inniu, agus bhí bonnáin slándála ag fógairt ar feadh an lae agus diúracáin cosanta á gcaitheamh in aer.

Deir Arm Iosrael gur caitheadh 20 diúracán leo as an Liobáin agus 5 cinn as an Iaráin.

Bhuail go leor acu spriocanna cé nach léir fós na hiarmhairtí leis an gcinsireacht mhíleata sa tír.

Missile strike
Ionsaí ar Haifa

Deir an tseirbhís otharcharanna gur maraíodh ceathrar - agus go bhfuil 23 sa n-iomlán anois maraithe - in ionsaí diúracáin aréir ar fhoirgneamh i gCalafort Haifa.

Agus deir na Houthi san Éimin gur chaith siadsan freisin diúracáin agus dróin le Iosrael inniu.

Meastar go bhfuil 3,540 maraithe sa gcogadh san Iaráin, 244 gasúr ina measc.

Ina theannta sin tá ionradh fós ar bun ag Arm Iosrael ar dheisceart na Liobáine agus iad ag ionsaí Beirut freisin ina bhfeachtas leanúnach in aghaidh Hezbullah.

1,460 - 124 gasúr san áireamh - atá maraithe sa Liobáin meastar.

13 saighdiúir de chuid na Stát Aontaithe atá maraithe, agus na céadta leonta.