Tá na spásairí ar bord an spásárthaigh Artemis II gaibhte a chodladh anois tar éis dóibh teagmháil a dhéanamh an athuair le Rialú an Mhisin i Houston agus iad tar éis an aistear is faide riamh déanta ag an duine daonna ón domhan a bhaint amach.
Tá an ceathrar ag filleadh abhaile ar an domhan tar éis dóibh an chéad eitilt thar timpeall na gealaí le breis is leithchéad bliain a aimsiú.
Mar a bhí beartaithe cailleadh teagmháil leis an gcriú ar feadh 40 nóiméad ar maidin fad is a thaisteal Artemis II ar chúl na gealaí, ag briseadh an chomhartha cumarsáide le NASA.
"Is aoibhinn linn a bheith in ann sibh a chloisteáil arís ansiúd ar an domhan" a dúirt an spásaire Christina Koch nuair a tháinig an líne cumarsáide ar ais.
Tá curiarracht nua bainte amach ag an gcriú agus iad tar éis taisteal 252,756 míle (406,771 km) amach ón domhan, níos mó ná 4,000 míle (6,500 km) níos faide ná chuaigh Apollo 13 i 1970.
Faoin am a shroichfidh an soithíoch Orion ceann scríbe - san Aigeán Ciúin ag a haon a chlog maidin Dé Sathairn seo chugainn táthar ag súil - beidh 695,000 míle (1.1 milliún km) sa n-iomlán déanta acu.
Chaith na spásairí 6 huair a chloig ag féachaint air, ag taifeadadh agus ag tabhairt cuntais ar dhromchla na gealaí, nach bhfuil feicthe don chuid is mó ach ag róbónna atá seolta suas againn.
Chonaic siad urú na gréine agus an ghrian ar chúl na gealaí.

Mar chuid den mhisean stairiúil faoi stiúir an Cheannasaí Reid Wiseman, is é an píolóta Victor Glover an chéad duine dubh atá tar éis a ghabháil timpeall na gealaí, an Speisialtóir Christina Koch an chéad bhean, agus an Speisialtóir Jeremy Hansen as Ceanada an chéad duine nach Meiriceánach é.
Ag Filleadh
Tar éis don árthach camchuairt na gealaí a bheith déanta aici, casadh ar ais an treo eile í agus tá sí anois ag titim ar ais i dtreo phláinéad sin-againne a bhuíochas do tharraingt an domhain.
Sular thug siad aghaidh abhaile mhol an criú aimneacha do 2 chráitéar mhóra ar dhromchla na gealaí, "Integrity" in ómós don leasainm atá ar an spásárthach agus "Carroll" i gcuimhne ar bhean chéile an Cheannasaí Wiseman, altra a cailleadh le ailse 6 bliana ó shin.
Tá sé i gceist ag NASA an 2 ainm atá molta a chur faoi bhráid Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta, a chuireann ainm foirmeálta ar ghnéithe sa spás.


