Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Stoc na tíre an-íseal agus achainí ar dhaoine fuil a dheonú

07 APRIL 2026, 13:59

Stoc seasmhach 7 lá ag teastáil sa tír a deir an tSeirbhís Fuilaistriúcháin
X Facebook

Tá Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann ag impí ar dhaoine fuil a dheonú mar go bhfuil an stoc fola thar a bheith íseal tar éis dheireadh seachtaine saoire na Cásca.

Deir an tSeirbhís go mbeidh siad ag cur 5 cinn de chlinicí sa mbreis ar fáil ar fud na tíre as seo go dtí Dé Domhnaigh seo chugainn.

Deir siad gur chóir go mbeadh stoc seasmhach fola go ceann 7 lá sa tír.

Ach níl ann faoi láthair ach soláthar 2 lá O-dearfach agus beagán le cois díol 3 lá de na grúpaí eile fola.

Beidh clinicí an tseachtain seo ag an tSeirbhís i mBaile Átha Cliath ar Shráid d'Olier agus i Stigh Lorgan; i gcathair Chorcaí; Nás na Rí; Ceanannas Mór; Steach Maoilín; Tulaigh Charbaid; an Droichead Nua; Tullach Mhór; Cathair na Mart; Cathair na Gaillimhe; Ceann Toirc; Gleann Maghair; Mainistir na Féile; agus i gCathair Luimnigh.

Tá an tSeirbhís Fuilaistriúcháin a deir siad tar éis a bheith i dteagmháil leis na hospidéil ag insint dóibh go bhfuil an stoc an-íseal agus ag cur comhairle orthu an lear atá acu a bhainistiú go cúramach lena chinntiú go mbeidh sé ar fáil don dream is mó a mbeidh sé uathu.

Deir siad go raibh an t-éileamh ar fhuil sna hospidéil an-ard, níos airde ná mar is iondúil mí an Mhárta.

Tá baint ag an stoc a bheith íseal freisin le laethanta saoire poiblí, Lá'il Pádraig agus faoi Cháisc, agus daoine a bhíonn ag deonú fola go rialta a bheith gaibhte ar laethanta saoire le scaitheamh.