Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fiosrú faoi bhás mná (50í) sa gCabhán

07 APRIL 2026, 17:04

Sráid Uí Chonghaile ar an gCabhán
X Facebook

Tá fiosrúchán ar bun i gCo an Chabháin faoi chorp mná a bhí os cionn leithchéad.

Fritheadh aréir an bhean gan aithne gan urlabhra i dteach cónaithe ar Shráid Uí Chonghaile i mbaile an Chabháin thart ar a 2 a chlog ar maidin.

Fógraíodh í a bheith marbh ar an láthair.

Tá fios curtha ar an gCróinéir agus ar Oifig Phaiteolaí an Stáit, agus tá scrúdú iarbháis le déanamh.

Deir na Gardaí go mbraithfidh an fiosrúchán ar thorthaí an scrúdaithe sin.