Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tá na hagóidí breosla "mícheart" a deir an Taoiseach

08 APRIL 2026, 11:23

X Facebook

Tá sé ráite ag an Taoiseach, Micheál Martin, go gcaithfidh deireadh a chur leis na hagóidí i gcoinne praghsanna breosla, atá ag leanúint ar aghaidh don tarna lá inniu.

"Tá na hagóidí seo mícheart", a dúirt sé. "Tá sé do-ghlactha go bhfuil carrchlós déanta de Shráid Uí Chonaill agus go bhfuil stáisiúin bhreosla blocáilte."

Tá cruinniú ar siúl inniu idir an Taoiseach, an Tánaiste, Simon Harris, agus Seán Canney, an t-aire atá freagrach as lóistíocht, chun plé a dhéanamh ar ghéarchéim na gcostas breosla.

Taoiseach Micheal Martin speaking to the media in The Courtyard at Government Buildings
Tá an Taoiseach ag bualadh leis an Tánaiste agus leis an Aire Lóistíochta inniu
chun plé a dhéanamh ar ghéarchéim na gcostas breosla

Tá an lucht agóide ag rá go bhfuil siad ag iarraidh bualadh leis an rialtas, ach deir an rialtas go bhfuil siad tar éis labhairt le heagraíochtaí ionadaíochta cheana féin.

Deir an tAire Canney go bhfuil an tír i ngreim ag an lucht agóide. Ba chóir, a dúirt sé, do mhuintir na tíre a bheith ag obair as lámh a chéile.

Tá an Tánaiste ag súil, a deir sé, go dtitfidh praghsanna breosla go luath, i bhfianaise fhógra an lae inné, go mbeidh sos cogaidh i bhfeidhm sa mheánoirthear as seo go ceann coicíse. Beidh Caolas Hormuz ar oscailt arís mar chuid den chomhaontú sin.

tractors around galway docs
Tá dugaí na Gaillimhe blocáilte ag feirmeoirí agus iompróirí a bhfuil
imní orthu, a deir siad, go bhfuil a n-ioncam i mbaol de bharr na n-arduithe
atá tagtha ar phraghsanna breosla

Deir Bus Bhaile Átha Cliath agus TFI go bhfuiltear ag cur isteach go mór ar sheirbhísí bus arís inniu de bharr na n-agóidí agus go bhfuil go leor bóithre dúnta.

Tá agóidí ar siúl i gCorcaigh agus i nGaillimh freisin, agus dugaí na Gaillimhe blocáilte ag feirmeoirí agus iompróirí.

Tá agóid ar siúl taobh amuigh den stáisiún breosla ar Mhótorbhealach an M7 i Luimneach. Deir na hiompróirí ansin go bhfuil siad buailte go holc ag praghsanna díosail agus go bhfuil imní orthu go rachaidh a ngnólachtaí i mbá dá bharr.