Tá thart ar 2,000 oibrí de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna ina mbaill den cheardchumann SIPTU agus tá móramh mór díbh siúd i ndiaidh vótáil ar son dul i mbun gnímh thionsclaíoch. Níl stailc
curtha as an áireamh acu.
Tá sé curtha i leith Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag SIPTU nár chuir siad moltaí a rinneadh i dtuarascáil neamhspleách i bhfeidhm maidir le harduithe pá.
Moladh sa tuarascáil sin gur chóir scálaí thuarastal na n-oibrithe a uasdátú, chun go mbéidís ag teacht leis na hathruithe atá tagtha ar líon na bhfreagrachtaí atá orthu le 20 bliain anuas.
Baineann an t-aighneas le baill de chuid SIPTU atá fostaithe mar theicneoirí éigeandála leighis, mar pharaimhíochaineoirí, ard-pharaimhíochaineoirí agus mar mhaoirseoirí.
maidir lena dtuarastal. Tá ráiteas lorgtha ó FSS
"Léiríonn an líon ard vótaí atá caite ag ár mbaill i bhfábhar gnímh thionsclaíoch chomh míshásta is atá na hoibrithe seo go bhfuil dearmad déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse faoin ról a bhí acu i nuachóiriú
na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna le 20 bliain anuas", a dúirt SIPTU inniu.
Deir siad freisin gur de bharr thiomantas agus dílseacht na n-oibrithe ó thaobh nuachóiriú a bhaint amach, nach ndírítear sa tseirbhís níos mó ar iompar othar amháin, ach go gcuirtear seirbhís i bhfad níos fairsinge ar fáil; cúram réamh-ospidéil, cuir i gcás.
"Caithfidh ár mbaill i bhfad níos mó cinntí a dhéanamh faoi bhrú, agus leigheas a thabhairt d'othair go minic", a deir SIPTU.
Tá ráiteas lorgtha ó FSS.


