Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Agóidí Breosla: Cúnamh Óglaigh na hÉireann lorgtha

09 APRIL 2026, 11:35

Baile Átha Cliath: tá bóithre, stáisiúin bhreosla agus scaglanna faoi imshuí don tríú lá inniu
X Facebook

Tá sé deimhnithe ag Óglaigh na hÉireann go bhfuil na Gardaí i ndiaidh iarraidh orthu cúnamh a chur ar fáil dóibh chun "feithiclí móra" a bhaint de bhóithre na tíre.

Scaipeadh íomhánna ar na meáin shóisialta níos luaithe inniu d'Óglaigh na hÉireann agus tugadh le tuiscint gur pictiúirí a bhí iontu de na Fórsaí Cosanta ag ullmhú le dul amach ar shráideanna na tíre. Ach dheimhnigh Óglaigh na hÉireann ar maidin gur glacadh na pictiúirí sin sa Liobáin tamall ó shin.

Deir Óglaigh na hÉireann nach gcuirfidh siad aon ráiteas eile ar fáil go dtí go mbeidh "an oibríocht curtha i gcrích."

Gardaí at a press conference at Garda HQ
Ag labhairt leis na meáin ar maidin, thug na Gardaí le fios go gcuirfí an dlí orthu siúd
atá ag díriú ar infreastruchtúr riachtanach

Tá stáisiúin bhreosla ar fud na tíre faoi imshuí arís inniu, don tríú lá, ag feirmeoirí agus iompróirí agus acu siúd atá i mbun agóide i gcoinne na n-arduithe atá tagtha ar phraghsanna breosla ó dúnadh Caolas Hormuz breis agus mí ó shin. Deir an lucht agóide go bhfuil a n-ioncam agus a ngnónna go mór i mbaol de bharr na n-arduithe agus nach féidir leo maireachtáil i bhfianaise na n-arduithe ar chostais fuinnimh.

Thug na Gardaí le fios ar maidin go gcuirfí an dlí orthu siúd atá i mbun agóide, mura gcuirtear deireadh leis an imshuí.

"In ainneoin na n-iarrachtaí ar fad atá déanta ag an nGarda Síochána chun an lucht agóide a ghríosú a bhfeithiclí a thabhairt de na bóithre", a dúradh i ráiteas ar maidin, "tá ag géarú ar an aighneas agus tá an lucht agóide ag díriú ar infreastruchtúr atá riachtanach agus ar scaglanna."

buses lined up on a city street
Tá na hagóidí ag cur isteach go mór ar iompar poiblí

Tá feithiclí i gconbhua ag cur bac ar thrácht inniu ar na príomhbhóithre go dtí an phríomhchathair, Mótorbhealaigh an M1 agus an M7 agus an N7. Tá an trácht blocáilte freisin ag Crois an Fhearainn Nua i mBaile Átha Cliath 22. Agus tá a leithéid d'agóidí ar siúl ar fud na tíre.

Dúirt an Taoiseach inné go raibh "sabaitéireacht náisiúnta" á déanamh ag an lucht agóide, agus thug an Tánaiste le fios go raibh an tír "i ngreim" acu.

Ach deir an lucht agóide go bhfuil siad i mbarr a gcéille le himní, i bhfianaise na n-arduithe atá tagtha ar chostais mhaireachtála.

Go deimhin, d'eisigh an Phríomhoifig Staidrimh figiúirí inniu, a léiríonn gur tháinig ardú 67.5% ar ola théite idir mí Feabhra agus mí an Mhárta, ardú 18.1% ar dhíosal agus ardú 7.7% ar pheitril.

KOTTGEISERING, GERMANY - JANUARY 10: A heating valve is seen attached to a radiator in a residential house on January 10, 2026 in Kottgeisering, Germany. Costs for oil and gas-fired heating systems will rise in 2026 in Germany due to a higher CO2 charge. Electricity prices are expected to fall. (Pho
Léiríonn figiúirí nua ón bPríomhoifig Staidrimh gur tháinig ardú 67.5% ar
ola théite idir mí Feabhra agus mí an Mhárta

Tugadh le fios go mbeadh Caolas Hormuz ar oscailt as seo go ceann coicíse nuair a fógraíodh an sos cogaidh idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe Dé Máirt. Ach tá sé isin dir dhá cheann na meá anois. Dúirt an Iaráin inné go raibh "an caolas fós dúnta" do longa nach bhfaigheann cead ón Iaráin ar dtús.

First responders gather at the site of an Israeli airstrike that targeted a vehicle in Saida, Lebanon
Deir aireacht sláinte na Liobáine gur maraíodh 250 duine sa tír sin in ionsaithe a rinne Iosrael
orthu

Tá an Iaráin míshásta nach bhfuil stop curtha ag Iosrael lena n-ionsaithe ar an Liobáin. Deir aireacht sláinte na Liobáine ar maidin gur maraíodh 250 duine sa Liobáin inné i sraith ionsaithe a rinne Iosrael ar an tír.