Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An Craoslach: "Machnamh le déanamh" ag an Aire faoi fhiosrúchán

09 APRIL 2026, 15:14

Tá an tAire Dlí agus Cirt
X Facebook

Bhuail an tAire Dlí agus Cirt, Jim O'Callaghan, inniu le teaghlaigh na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh sa Chraoslach i nDún na nGall. Maraíodh deichniúr de thoradh pléisce i ngaráiste Applegreen ar an mbaile ar 7 Deireadh Fómhair 2022.

Bhuail na teaghlaigh leis an Aire inniu lena n-éileamh ar fhiosrúchán poiblí faoin eachtra a phlé.

Tar éis an chruinnithe, dúirt ionadaithe de chuid na dteaghlach go raibh sé ráite ag an Aire O’Callaghan nach bhféadfaí tabhairt faoi fhiosrúchán poiblí d'aon saghas go dtí go dtiocfaidh fiosrúchán na nGardaí chun críche. Ach thug an t-aire le fios go ndéanfadh sé a mhachnamh ar iarratas na dteaghlach agus fiosrúchán na nGardaí tagtha chun críche.

Láthair an phléisce sa Chraoslach i nDún na nGall.

Dúirt Darragh Mackin, dlíodóir ar son cuid de na teaghlaigh, "tá sé deimhnithe anois ag an aire go ndéanfaidh sé a mhachnamh faoi fhiosrúchán a chur ar bun, a mbeidh breitheamh sinsearach agus cróinéir sinsearach i bhfeighil air, ar nós an fhiosrúcháin ar tugadh faoi i dtaca le Tragóid Stardust. Tá an liathróid anois i gcúirt an aire", a dúirt sé.

"Tá na teaghlaigh seo ag fanacht go rófhada ar chinneadh maidir le fiosrúchán neamhspleách agus cuireann muid fáilte roimh an amscála atá luaite ag an aire inniu."

Donna Harper - Creeslough - RTE
Donna Harper, máthair Leona Harper. Bhí Leona 14 bliain d'aois nuair a maraíodh í
sa phléascadh in ionad Applegreen sa Chraoslach ar 7 Deireadh Fómhair 2022

Deir na teaghlaigh iad féin gur mhaith leo, áfach, dá gcuirfí tús le bunobair an fhiosrúcháin sin anois:

"Más féidir linn tús a chur leis an mbunobair anois", a dúirt Ann Marie Boyle, ar maraíodh a deirfiúr Catherine Ó’Donnell agus a nia James Monaghan sa tragóid, "beidh dlús faoin bproiséas faoin am go ndíreofar i gceart ar an bhfiosrúchán. Mura ndéantar an bhunobair anois, beidh muid ag tosú fiosrúchán úr ón tús arís."

Deir sí freisin go ndúirt an tAire go smaoineodh sé ar an moladh sin freisin.

Chuir Donna Harper, máthair Leona Harper, 14 bliain d’aois, a maraíodh sa tragóid, fáilte roimh an gcruinniú inniu. "Ach", a dúirt sí, "tá beagnach ceithre bliana imithe tharainn ó tharla an tragóid seo. Bheadh Leona 18 faoin tráth seo dá mbeadh sí fós ina beatha."

Family members of Creeslough explosion victims
Cuid de theaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dTragóid an Chraoslaigh

Tuigeann sí, a deir sí, go dteastaíonn ón aire fios a bheith aige sula dtabharfar faoi fhiosrúchán poiblí an amhlaidh go mbeidh cúiseanna coiriúla i gcoinne aon duine maidir leis an tragóid.

Thug na dlíodoirí le fios i ndiaidh chruinniu an lae inniu go ndúirt an t-aire leis na teaghlaigh go bhfuil comhaid éagsúla curtha ar aghaidh ag na Gardaí go Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí. Thug an t-aire le fios go nglacann sé míonna, de ghnáth, sula ndéanann Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí cinneadh faoi chúiseanna.