Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

Agóidí breosla pléite ag an nGrúpa Comhordaithe Éigeandála

09 APRIL 2026, 17:17

Tá an Scaglann Ola i bhFaing i Luimneach fós faoi imshuí ag an lucht agóide
X Facebook

Tá an Grúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála (GNCÉ) tar éis teacht le chéile chun plé a dhéanamh ar thionchar infreastruchtúr riachtanach a bheith curtha faoi imshuí ag lucht agóide le trí lá anuas.

Tá bóithre, stáisiúin bhreosla, scaglanna agus infreastruchtúr eile curtha faoi imshuí mar agóid i gcoinne an ardaithe atá tagtha ar chostais bhreosla agus fuinnimh.

"Cuireadh in iúl dúinn", a dúradh i ráiteas a chuir an GNCÉ ar fáil i ndiaidh an chruinnithe, "go bhfuil an t-imshuí ag cur isteach go mór ar an bpobal, ar shlabhraí soláthair agus ar sheirbhísí riachtanacha, iompar poiblí agus seirbhísí éigeandála ina measc."

Casla-Petrol Station-Conamara
Scuaine ag stáisiún breosla i gCasla i gConamara: tuairiscítear go bhfuil scuainí
móra fada ag stáisiúin bhreosla ar fud na tíre

Thug an GNCÉ le fios freisin go ndúradh leo go bhfuil an soláthar breosla sa tír seo "láidir go leor". De réir mar a thuigeann siad, is é an fhadhb dáiliúcháin, den chuid is mó, atá ag cruthú deacrachtaí. Laghdófaí an brú ar an gcóras dáiliúcháin, a deir siad, dá gcuirfí deireadh leis an imshuí.

Tá foghrúpa speisialta den GNCÉ curtha ar bun chun díriú ar an nganntanas breosla atá ar fáil do sheirbhísí éigeandála.

Bhí cuid de Mhótorbhealach an M50, timpeall Bhaile Átha Cliath, dúnta tráthnóna. Bhí moill fhada ar an gcuid a fágadh ar oscailt. Tuairiscíodh go raibh daoine a bhí ag taisteal ó thuaidh ar an M50 ag fágáil carranna le siúl ag an aerfort, agus go raibh a mún á dhéanamh ag daoine eile ar thaobh an bhóthair toisc iad a bheith sáinnithe sa trácht chomh fada sin.

Heavy traffic on Dublin's M50 Northbound
Feithliclí sáinnithe ar an M50, ag dul ó thuaidh

In Oirthear Chorcaí, bhí Scaglann Ola an Gheata Bháin fós faoi imshuí ag an lucht agóide tráthnóna inniu. Agus bhí stáisiún breosla i bhFaing i Luimneach fós blocáilte. Bhí bac ar dhaoine dul isteach freisin sa stáisiún breosla ag an gcuan i gCathair na Gaillimhe.

Tá iliomad tuairiscí déanta faoi scuainí fada ag stáisiúin bhreosla agus faoi gharáistí nach bhfuil aon bhreosla fágtha iontu.

Bhí lucht agóide ag bailiú le chéile ar Dhroichead Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath ar ball beag.

D'iarr na Gardaí ar Óglaigh na hÉireann níos luaithe cuidiú leo feithiclí móra a bhaint de na sráideanna. Ach ó shin, tá amhras léirithe ag saineolaithe go bhfuil a ndóthain de na feithiclí cuí ag Óglaigh na hÉireann chun na feithiclí ar fad a bhaint, agus gur cheart díriú ar phriarachtaí áirithe, Scaglann Ola an Gheata Bhain, cuir i gcás.

' />