Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cainteanna ar bun, bearta á réiteach ach agóid fós ar bun

10 APRIL 2026, 18:32

Cead isteach do na cainteanna á dhiúltú
X Facebook

Bearta 'téagartha agus suntasacha' a bheidh á mholadh ag an Rialtas mar fhreagra ar an ngéarchéim breosla d'earnálacha áirithe de bharr an ardú mhóir ar phraghasanna.

Sin é a dúirt an Tánaiste Simon Harris tráthnóna cé nar chuir sé luach ar na bearta atá idir chamáin aige, a dúirt sé ar Six-One ar RTÉ ar ball.

Ach an aidhm atá leis, a dúirt sé, roinnt earnálacha riachtanacha den gheilleagar a choinneáil ag imeacht tráth a bhfuil dúshláin mhóra rompu.

Bhí an dleacht laghdaithe cheana féin a dúirt sé, ach go raibh an Rialtas ag breathnú ar rialacháin Eorpacha a chabhródh leis na Rialtas laghdú eile b'fhéidir a thabhairt isteach.

Chuala an Rialtas an pian atá sé seo a chur ar dhaoine, a dúirt sé, ach ní mór deireadh a chur leis an imshuí, agus ní mór do na páirtithe 'cúrsa an daonlathais' a leanúint.

Nios luaithe dúirt an tAire Stáit Niall Collins go raibh 'cnuasach beart' a chuirfear i bhfeidhm nuair a bheidh na hagóídithe agus an t-imshuí scortha.

Thosaigh cainteanna idird an Rialtas agus ionadaithe ó na hearnálacha ábhartha, lucht iompair, feirmeoirí agus conraitheoirí talamhaíochta.

Tá a léamh féin ag an dá thaobh ar mar atá na cainteanna ag dul ar aghaidh. Dar leis an Rialtas go raibh na cainteanna ag dul go maith, ach ní raibh tuairisc chomh dearfach ag an taobh eile.

Tá an triúr ionadaithe ó lucht agóíde na Gaillimhe a chuaigh go Baile Átha Cliath inniu le páirt a ghlacadh sna cainteanna tar éis filleadh ar dhug na Gaillimhe tráthnóna. Ní mó ná sásta ata siad nár scaoileadh isteach sna cainteanna leis an Rialtas inniu mar a shíl siad a bhí geallta dóibh.

Dúirt Niall Collins gur amhlaidh nár scaoileadh isteach an triúr de bharr go raibh urlabhraithe ó áiteanna éagsúla ar fud na tíre, nach raibh siad ar aon fhocal lena chéile agus nárbh ionann na héilimh a bhí acu uilig.