Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Imhsuite, scuainí, tranglam tráchta ar an 4ú lá den agóid breosla

10 APRIL 2026, 17:56

Radharc ón imshuí ag scaglann an Gheata Bháin inniu
X Facebook

Tá ganntananas breosla ina lán áiteanna anois de bharr an imshuí atá ar bun ag ionaid stórála breosla i Luimneach agus i nGaillimh agus ag scaglann an Gheata Bháin i gCorcaigh, an t-aon cheann sa Stát.

Tá lucht na ngaráistí peitril ag tuar go mbeidh 500 ionad gan aon bhreosla anocht.

Tá sin tarlaithe cheana i gcás na gcéadta eile cheana, sa deisceart agus san iarthar.

Níl aon ghantannas breosla ann, ach tá na soláthairtí i bhfastó sna hionaid stórála agus sa Gheata Bán. De bharr nach bhfuil aon bhreosla á scaoileadh amach astu sin, níl aon acmhainn iontu glacadh le lastas ar bith eile, rud ar thagair an Taoiseach dó inniu á rá go mbeidh orainn lastais ola a chur ó dhoras tráth a bhfuil an cuid eile den domhain in iomaíocht faoina leithéid.

Sampla de sin é an Thun Gemini, taincéir atá ar ancaire i gCuan na Gaillimhe agus sé mhilliún líotar ola ar bord aici, breosla nach féidir a thabhairt i dtír ag calafort na Gaillimhe.

Cé go bhfuil rochtain ar Chalafort Bhaile Átha Cliath, tá na hagóídí tráchta ar fud na hardchathrach ar cur an-mhoill ar taincéirí a thabhairt chuig na garáistí san Oirthear.

Agus fiú dá dtiocfadh deireadh leis an imshuí anocht, d'fhéadfadh seachtain bheith ann sula gcuirfí an soláthar ar ais ina cheart.

Sa nGeata Bán i gCorcaigh, bhí sé ina leamhsháinn idir Ghardai agus lucht an imshuí ar feadh tamaill nuair a bhí an tríú taincéir á thionlacan isteach sa scaglann acu, ach scoir sí gan móran achair. Ar mhaithe le soláthar d'fheithiclí éigeandála a cuireadh an réiteach seo ar bun.

Tá roinnt leoraithe le soláthairtí d'ainmhithe agus ceimiceáin glanta uisce scaoilte amach as Calafort Fainge ar inbhear na Sionainne, ach níl aon taincéir ola á scaoileadh amach fós.

Ach tá cúrsaí tráchta ar go leor mótarbhealach agus bóithre náisiúnta in aimhréid de bharr imshuí ag an lucht agóíde. Is féidir le daoine uasdátú a fháil

TII Map showing disruption on national routes due to fuel protests
Bóithre a bhfuil moill mhór ar thrácht orthu

Tá scuainí fada ar an M1 ó thuaidh de bharr an taobh sin den bhóthar bheith dúnta ag Dún Dealgan

Tá moill fhada freisin ar an M50 ó dheas agus ó thuaidh agus blocáil déanta ag agóídithe ar an cuarbhóthar mór sin. Tá roinnt deacrachtaí ar an N7 ó dheas freisin.

Tá tuairim is 60 tarracóir, trucail agus bus ina suí ar Shráid Uí Chonaill san ardchathair ach tá sruth tráchta ar na céanna thuaidh agus theas agus tá an chuid eile den Luas ag feidmhniú.

Tá seirbhís theoranta ag Bus Átha Cliath i lár na cathrach ach deir an comhlacht go bhfuil líon na bpaisinéirí níos lú ná inné.