Beidh 'tamall maith eile' ann sula mbeidh an soláthar breosla chuig na stáisiúin peitril ar ais mar a bhí roimh agóidithe agus imshuite na seachtaine seo caite.
Sin é a dúirt Vincent Jennings, priomhfheidhmeannach cumann ionadaíoch 1,500 siopaí beaga miondíola, a bhfuil 300 acu sin ina stáisiúin peitril.
Tá roinnt mhaith stáisiúin gan aon soláthar ar maidin, a dúirt sé, ach tá súil acu le seachadadh breosla inniu nó amárach.
De bharr an ardéilimh ar fud na tíre agus nach bhfuil an líon áírithe taincéirí agus tiománaithe ann, ní bheidh na comhlachtaí ola ag tairiscint taincéir iomlán do na siopaí, b'fhéidir leath nó aon trian de thaincéir a bheidh ann.
Dá bhrí sin, tá seans go mbeidh siopaí ag moladh do chustaiméirí gan ach an méid atá uathu a cheannach.
Deir Vincent Jennings go measann só go dtógfaidh sé sé lá sula mbeidh cúrsaí ar ais mar bhí.
Deir Kevin McPartlan, príomhfheidhmeannach Fuels for Ireland, nach bhfuil sé cinnte cé mhéad stáisiún peitril atá gan aon bhreosla, ach go bhfuil an líon acu siúd níos ísle ná na 600 a bhí inné ann.
Tá gné eile ag cur moill ar chúrsaí, a dúirt sé, agus sin go bhfuil tionlacan Garda ag teastáil ó thaincéirí ag dul isteach chuig scaglann an Gheata Bháin. Tá sin, a deir sé, ag cur moill uair a chloig ar gach leoraí.
Ach tá an soláthar as calafort Bhaile Atha Cliath ag dul i dtreo an ghnáthleibhéil.
Ach fós measann seisean, nach mbeidh an soláthar ar ais ina cheart go ceann 10 lá


