Tá sé tugtha le fios ag taidhleoirí sa Phacastáin go bhféadfadh ionadaithe ó na Stáit Aontaithe agus ón Iaráin teacht le chéile an athuair i bpríomhchathair na tíre sin, Islamabad, ag deireadh na seachtaine seo.
Níor thángthas ar chomhaontú sna comhráite a bhí ag an dá thaobh sa chathair sin an tseachtain seo caite.
Bhí Leas-Uachtarán Mheiriceá JD Vance rannpháirteach sna cainteanna, an t-ionadaí ba shinsearaí riamh as Meiriceá a labhair go hoifigiúil le rialtas Ioslamach na hIaráine.
Is go neamhbhalbh a labhair sé leo, más ea, agus rinne sé éilimh a dúirt na hIaránaigh a bhí chomh mór sin as miosúr nárbh fhéidir leo glacadh leo.
Cé gur thug Vance le fios nach raibh dada eile le tairiscint aige, tá taidhleoirí na Pacastáine dóchasach nach é deireadh an scéil é.
Tá seanfhaltanas istigh ag an Iaráin agus ag Meiriceá dá chéile agus cé go bhfuil sin bainteach leis an gcúis is é an faltanas úr atá cothaithe ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump atáthar ag iarraidh a réiteach.
An cogadh atá Meiriceá agus Iosrael a chur ar an Iaráin, tá sé ar fionraí faoi láthair ach ag tolgadh i gcónaí.
Chomh maith leis an doirteadh fola agus an scrios tíre, tá an slabhra soláthar ola le réiteach, go háirithe ceist Chaolas Hormuz.
Is tríd an muinceann uisce sin a sheachadtar an cúigiú cuid de sholáthairtí ola an domhain agus an cúigiú cuid de ghás leachtaithe an domhain gach aon lá.
Tá smacht ag cabhlach na hIaráine ar an gcaolas féin ach tá cabhlach Mheiriceá ag cur bac ar longa dul isteach ann agus teacht amach as.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


