Tá fear sna fichidí le tabhairt os comhair Chúirt Dúiche Mhainistir na Corann i gCo Chorcaí arú amárach agus é cúisithe i gcionta tiomána a líomnaítear a rinne sé in aice leis an nGeata Bán sa chontae sin tráthnóna Dé Sathairn seo caite.
Deirtear go raibh an fear ag tiomáint tarracóra le humar sciodair ar a cúl agus nár stop sé ag pointe seiceála a bhí bunaithe ag na Gardaí sa cheantar ag an am.
Lean na Gardaí é ach deirtear gur thosaigh sé ag tiomáint deiseal agus treiseal agus gur chuir sé tiománaithe eile i mbaol.
Stop na Gardaí an tarracóir ina dhiaidh sin agus ghabh siad an tiománaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


