Tá a dtacaíocht tugtha ag triúr Airí Rialtais don Taoiseach, daoine a bhí á lua mar cheannairí ar Fhianna Fáil ina dhiaidh.
Dara Calleary, Jim O'Callaghan agus Darragh O'Brien iad an triúr a gheall a dtacaíocht do Mhicheál Martin a bhí ag teacht faoi bhrú ó chúlbhinseoirí sa pháirtí i ndiaidh na n-agóidí breosla an tseachtain seo caite.
Thug triúr eile i bhFianna Fáil dúshlán do cheannaireacht an pháirtí Dé Céadaoin, á rá nach mbeadh aon ghlacadh acu a thuilleadh leis an ról a d'fhág iad ag míniú deacrachtaí an Rialtais do phobal a dtoghcheantracha féin.
D'áitigh siad ar a gcomhghleacaithe éisteacht níos géire leis an bpobal, bheith níos macánta ina gcuid cainte agus bheidh níos deimhnithí ina ngníomh.
B'shin iad James O'Connor, Ryan O'Meara agus Albert Dolan, an triúr teachtaí is óige sa pháirtí. Ach fuair a ráiteas tacaíocht ó bhaill shinsearacha, Willie O'Dea agus Seán Ó Fearghail ina measc.
Ach dúirt an tAire Gaeltachta agus Coimircí Sóisialaigh Dara Calleary go raibh an-mhuinín aige as Micheál Martin, as an Rialtas agus as muintir na hÉireann.
Is é atá uainn anois, a dúirt sé, agus muid ag dul i ngleic le héiginnteacht domhanda, stuaim agus fócas ar na dúshláin roimh dhaoine trasna na tíre.
Dúirt urlabhraí ar son Jim O'Callaghan gur thacaigh sé leis an an Taoiseach agus nach mbeadh sé i bhfábhar rún mímhuiníne ann.
Tá muinín '100%' ag Darragh O'Brien sa Taoiseach, a dúirt sé á rá ar Prime Time ar RTE aréír gurb é an ceannaire is fearr leis an bpobal é, agus go raibh an-cheannaireacht á thaispeáint aige.
Dúirt Darragh O'Brien nach mbeadh sé ag cur a aimn féín chun tosaigh mar an gcéad cheannaire eile ar Fhianna Fáil.


