Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Buíochas an Rialtais d'údaráis Dubai faoi chás Kinahan

18 APRIL 2026, 08:13

X Facebook

Tá a bhuíochas curtha in iúl ag an Rialtas do na húdaráis sna hÉimíríochtaí Arabacha Aontaithe as an gcomhoibriú le fiosrúchán an Gharda Síochána ar bhuíon coiriúil Kinahan.

Ghaibh póilíní in Dubai Daniel Kinahan,48, inné de bhun barántas gabhála Ard Chúirte i mBaile Átha Cliath. Rinne an ghabháil faoi 48 uair den bharántas bheith eisithe in Éirinn.

Tá ordú tugtha ag ag Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí go gcuirfear Daniel Kinahan ar a thriail anseo ar choireanna líomhnaithe a bhaineann le coiriúlacht eagraithe.

Tá sé curtha siar faoi choinneáil go mbeidh cás eiseachadta críochnaithe.

Dúirt an Taoiseach go léiríonn an ghabháil go bhfuil an comhaontú eiseachadta idir an dá thír ag obair go héifeachtach agus go leanfaidh próis chuí an dlí.

Ghaibh an tAire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan buíochas lena chomhghleacaí sna hÉimíríochtaí Arabacha Aontaithe as an gcomhoibriú láidir breithiúnach idir an dá thír.