Tá fear tar éis seachtar gasúr dá chuid féin agus gasúr eile a mharú le gunna i Shreveport i stát Louisiana i Meiriceá in "aighneas teaghlaigh" a deir póilíní.
Trí bliana d'aois a bhí an páiste ab óige agus 11 a bhí an té ba shine, triúr buachaillí agus cúigear cailíní.
Ag a 5 a chlog maidin Dé Domhnaigh a thosaigh an t-achrann.

Deir póilíní gur chaith Shamar Elkins, a bhí 31, bean ar an tsráid agus go ndeachaigh sé ansin chuig teach cónaithe in aice láimhe áit ar chaith sé piléir lena bhean chéile agus le ochtar páiste.
Theith sé ansin i gcarr a bhí fuadaithe aige a deir urlabhraí na bpóilíní Chris Bordelon agus lean na póilíní é agus caitheadh agus maraíodh é, tar éis do dhuine de na mná a bhí caite a bealach a dhéanamh ag teach comharsan le fios a chur ar na húdaráis.
Ba le Shamar Elkins seachtar den ochtar gasúr a mharaigh sé, col ceathrar leo a bhí sa ngasúr eile.
Tá an bheirt bhan gortaithe go han-dona agus iad faoi chúram ospidéil.
D'éirigh le gasúr eile éalú as an teach. Tá an gasúr sin san ospidéal freisin tar éis dó léim a chaitheamh as fuinneog in uachtar an tí.
Tá daoine muinteartha leis an teaghlach tar éis a rá go raibh Shamar Elkins agus a bhean chéile le colscaradh a fháil agus go raibh siad le bheith os comhair cúirte inniu.
Dúirt deartháir céile leis, Troy Brown, go raibh sé "as a mheabhair faoin argóint faoin gcolscaradh".
Tá ainmneacha na ngasúr foilsithe ag Oifig an Chróinéara i Shreveport:
Jayla Elkins, a bhí 3 bliana; Shayla Elkins, 5; Kayla Pugh, 6; Layla Pugh, 7; Markaydon Pugh, 10; Sariahh Snow, 11; Khedarrion Snow, 6; agus Braylon Snow, 5.


