Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Comhdháil na nGardaí ag éileamh gnímh ar bhagairtí

20 APRIL 2026, 10:50

Beagnach 400 garda gaibhte ar scor nó tar éis éirí as i 2025 a deir Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána
X Facebook

Tá na gardaí ag iarraidh go ndréachtófaí polasaí aontaithe le díriú ar dhaoine a dhéanann bagairtí go díreach agus go pearsanta ar chomhaltaí den Gharda Síochána.

Deir Cumann Ionadaíochta na nGardaí (GRA) go bhfuil íde agus bagairtí in aghaidh ghardaí ar-líne agus lena n-éadan ardaithe as cuimse le cúpla bliain anuas.

Tá toscairí atá ag bailiú do chomhdháil bhliantúil an chumainn a thosós anocht i gCathair na Mart ag éileamh chomh maith go mbeadh oibrithe leighis de chuid na ngardaí ar fáil nuair a bhíonn an t-ord poiblí á shárú; go mbeadh athbhreithniú iomlán ar an bpolasaí faoi ghardaí ar fionraí; agus go mbeadh ceadúnas ar leith tiomána ann do ghardaí agus iad ar dualgas.

Deir na Gardaí go mbíonn "drogall orthu a ghabháil sa tóir ar lucht coiriúlachta i gceantair ar leith" ar eagla fiosrúchán disciplíne nó cás cúirte, agus deir Gardaí Pobail go bhfuil "faitíos orthu tabhairt faoina mbreithiúnas agus a stuaim féin agus iad ag cuidiú le saoránaigh atá leochaileach".

BTS fuel protest Garda 169

Na hábhair sin go léir, agus tuilleadh, is cúis a deir an GRA le breis is 370 comhalta a bheith éirithe as nó gaibhte ar scor anuraidh.

Deir Uachtarán an GRA Mark O’ Meara go bhfuil "maorlathas ródhíograiseach", "easpa tacaíochta" agus "coistí smachta agus fionraíochta atá á n-úsáid mar uirlisí oiliúna" ag cothú easpa misnigh.

Pléifidh an Chomhdháil cás an chúigear garda i Luimneach a fritheadh neamhchiontach i gcás cúirte le gairid agus cinneadh an Stáit ceathrú milliún euro cúitimh a íoc le garda a cuireadh ar fionraí faoi rothar a thabhairt ar iasacht d'fhear aosta le linn Phaindéim Covid a 19, faoi rún atá ar an gclár oibre ag iarraidh athbhreithniú ó bhonn ar an bpolasaí fionraíochta atá i bhfeidhm faoi láthair.

Tá toscairí as Sligeach, Liatroim, An Mhí agus Baile Átha Cliath Thiar tar éis rún eile a chur ar an gclár ag iarraidh go mbeadh an dara ceadúnas tiomána ag gardaí agus iad ar dualgas, ionas go mbeadh cosaint faoin dlí acu nach gcuirfeadh as dá gcuid tiomána ina saol pearsanta.

GARDA COMMISSIONER JUSTIN KELLY
Coimisinéir na nGardaí Justin Kelly a deir go mbeidh dróin ag na Gardaí faoi dheireadh 2027

Tá rún ann chomh maith ag iarraidh go dtabharfaí isteach dróin gan mhoill mar dheis póilíneachta in aghaidh charranna agus feithiclí eile goidte, cé go bhfuil Aonad Drón bunaithe ag an gCoimisinéir nua agus é tar éis a rá go bhfuil sé i gceist an tAonad a bheith ag feidhmiú go laethúil faoi cheann 18 mí.

Dúirt LeasUachtarán an GRA Niall Hodgins ag an gcomhdháil tráthnóna go bhfuil géarghá le reachtaíocht nua le ghabháil i ngleic leo siúd a scaoileann seoladh baile agus dindiúirí eile pearsanta gardaí agus eolas faoina dteaghlach ar an idirlíon.