Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Saighdiúir as Iosrael taideadta ag scriosadh dealbh de Chríost

20 APRIL 2026, 15:41

Admháil ó Arm Iosrael faoi fhírinne íomhá
X Facebook

Tá sé admhaithe ag Arm Iosrael gur ionsaigh saighdiúir dá gcuid dealbh de Chríost le tua sa taobh ó dheas den Liobáin mar atá léirithe ag pictiúr atá á scaipeadh ar na meáin shóisialta.

Ag iarraidh an cloigeann a bhaint dhe a bhí sé tar éis den dealbh d'Íosa á chéasadh titim den chrois.

"Dearcadh an-ghéar" atá ag an Arm ar an scriosadh a deir siad féin agus deir siad "go dtéann iompar an tsaighdiúra in aghaidh luachanna an Airm."

Tá an scéala á fhiosrú ag lucht ceannais a deir siad agus "gearrfar na pionóis chuí orthu siúd a raibh baint acu leis de réir thorthaí an fhiosraithe".

I mbaile beag Debl, baile Críostaithe, tuairiscítear a bhí an dealbh, gar den teorainn le Iosrael.

Deir an tArm go bhfuil siad "i gcomhar leis an bpobal ag iarraidh an dealbh a chur ar ais sa n-áit a raibh sé".

Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu speaks during a press conference

Tá an PríomhAire Benjamin Netanyahu tar éis a rá "gur údar cáineadh mór" é an dochar atá déanta "den íocón Chaitliceach".

Deir sé go bhfuil "iontas agus brón" ar "thromlach mór an phobail in Iosrael".

"Gearrfar pionós géar" ar an té is cúis leis a deir sé.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Gideon Sarr gur "mór an náire é" agus ghabh sé leithcéal "le gach Críostaí ar ghoill sé orthu".

Arm Iosrael fós ar an ionsaí sa Liobáin

BEIRUT, LEBANON - APRIL 17: A displaced family packs their belongings at a displacement camp, before returning to their home in Southern Lebanon on April 17, 2026 in Beirut, Lebanon. At 00:00 on April 17, a 10-day ceasefire took effect that is meant to pause fighting between Israeli forces and the L
Sos 10 lá aontaithe sa gcogaíocht agus daoine ag ullmhú arú inné le súil filleadh ar an áit as a bhfuil siad díbeartha ag Arm Iosrael

Idir an dá linn tá Arm Iosrael tar éis fainic a chur ar lear mór daoine i ndeisceart na Liobáine i limístear a deir an tArm atá faoina smacht gan a ghabháil ó dheas de líne ar leith agus gan a ghabháil i gcóngar Abhainn an Litani.

Deir an tArm go bhfuil siad san airdeall go bhfuil Hezbollah fós ag feidhmiú sa gceantar.

Cuireadh fainic arís ar dhaoine gan filleadh ó dheas ar bhailte beaga as a bhfuil siad díbrithe.

Tá an sos comhraic réasúnta seasmhach faoi láthair agus cainteanna le tárlú idir Rialtas na Liobáine agus Iosrael.