Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Moladh an Lotto a chraoladh tar éis tairseach an naoi

22 APRIL 2026, 11:20

'Déanann an Lotto normalú agus íonghlanadh ar an gcearrbhachas'
X Facebook

Tá taighdeoir sinsearach in OIlscoil Teicneolaíochta na Sionainne ag iarraidh ar an gCrannchur Náisiúnta agus ar RTÉ an crannchur Lotto a chraoladh tar éis 9 a chlog san oíche – tairseach an naoi – seachas díreach roimhe d'fhonn leanaí a chosaint ar an gcearrbhachas.

Tá tairseach an naoi ann le leanaí a chosaint ar ábhar míchuí, lena n-áirítear fógraíocht faoi chearrbhachas.

Faoi láthair, is ag 8.58 tráthnóna a chraoltar an Lotto ar RTÉ 1 gach Céadaoin agus gach Satharn.

Creideann an Dr Frank Houghton, áfach, ós cearrbhachas atá ann gur chóra é a chur amach leathuair an chloig ina dhiaidh sin, go díreach tar éis chlár nuachta an 9 a chlog.

Dúirt sé go léiríonn taighde a rinne a fhoireann féin go ndéanann an Lotto 'normalú' agus 'íonghlanadh' ar an gcearrbhachas.

D'iniúch na taighdeoirí beagán le cois 200 crannchur Lotto idir 2023 and 2024 agus fuair siad amach gur craoladh a mbunáite roimh 9 a chlog idir chláir do dhaoine chomh hóg le dhá bhliain déag d'aois, nó go díreach i ndiaidh na gclár sin.

Léiríonn taighde idirnáisiúnta go gcuireann fógraíocht leis an líon daoine a ghacann páirt i gcrannchuir agus i ngníomhaíochtaí eile cearrbhachais.

Ní bhaineann an tAcht um Chearrbhachas leis an gCrannchur Náisiúnta, a dúirt an Dr Houghton, ar neamhrialtacht é agus ar eiseacht í Éire sa mhéid sin, dar leis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ