Maraíodh fear sna seascaidí nuair bhuail bus é ag Aerfort Bhaile Átha Cliath aréir.
Tharla an tubaiste ar Bhóthar an Chorrbhaile go gairid tar éis an mheán oíche.
Tugadh corp an fhir go dtí Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir, mar a bhfuil scrúdú iarbháis le déanamh air.
Tá láthair na tionóisce caomhnaithe ag na Gardaí agus tá trácht á chur malairt slí go fóill.
I ráiteas, dúirt Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath go mb'oth leo go mór bás an fhir.
Dúradh freisin go raibh fiosrúchán ar bun acu faoinar tharla agus go raibh siad ag comhoibriú leis na Gardaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


