Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Údar imní sceimhlitheoirí in Éirinn, Ioslamaithe go háirithe'

23 APRIL 2026, 16:20

Scrúdaitheoir Neamhspleách na Reachtaíochta Slándála, George Birmingham
X Facebook

Tá an baol ann go bhféadfadh sceimhlitheoirí Ioslamacha ionsaithe a dhéanamh in Éirinn nó ionsaithe i dtíortha eile a bheartú in Éirinn, de réir an té atá freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht slándála agus ar shocruithe slándála an Stáit.

Ceapadh an t-iarbhreitheamh sinsearach George Birmingham mar Scrúdaitheoir Neamhspleách na Reachtaíochta Slándála i ndeireadh 2024 agus d'fhoilsigh sé a chéad tuarascáil bhliantúil inniu.

Maítear sa tuarascáil gur mó an bhagairt ó sceimhlitheorí Ioslamacha ná aon dream eile sa tír seo ach tugtar le fios gur údar imní freisin an sceimhlitheoir aonair, antoiscigh ón eite dheis, antoiscigh ón eite chlé agus easaontóirí poblachtachta.

Luaitear freisin an bhagairt ó sceimhlitheoirí stáit, is é sin stáit a bhfuil naimhdeas acu leis an tír seo.

Dar le George Birmingham gur aimpléisí anois ná riamh an bhagairt ó na dreamanna sin ar fad agus deir sé go bhfuil an bhagairt méadaithe le tamall de bhlianta.

Ina theannta sin, deir sé go bhfuil roinnt easnamh i reachtaíocht slandála an Stáit i dtaca leis an bhfáil atá ag na húdaráis ar na teachtaireachtaí a sheolann daoine chuig a chéile ar leithéidí WhatsApp, Telegram agus Snapchat, agus ar stair bhrabhsála daoine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ