Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Meta le 8,000 oibrí a ligean chun siúil

24 APRIL 2026, 09:49

Intleacht Shaorga ag teacht in áit daoine
X Facebook

Tá an ollchomhlacht teicneolaíochta Meta, ar leo Facebook, le 10% dá gcuid oibrithe ar fud an domhain a ligean chun siúil, arb ionann sin agus thart ar 8,000 duine.

Tá 1,800 duine fostaithe ag Meta in Éirinn ach níl sé soiléir fós cé mar a rachaidh an scéal i bhfeidhm orthusan.

Cuireadh in iúl freisin don fhoireann nach mbeifí ag earcú na mílte oibrí nua mar a bhí beartaithe.

Baineann an scéal leis an bhforbairt atáthar a dhéanamh ar Intleacht Shaorga.

An mhí seo caite, tháinig sé chun solais go raibh cúig phost déag in Éirinn i mbaol mar gheall ar Intleacht Shaorga.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ