Tá Éire ag comhlíonadh a hoibleagáidí maidir le truailliú aeir a laghdú agus tá an chuma ar an scéal gur maith a chruthóidh sí ón taobh sin de as seo go 2030 ar an gcuid is lú, de réir tuarascáil nua ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.
Cé go mbaineann ábhar na tuarascála leis an mbliain 2024 den chuid is mó, deirtear ann go bhfuilimid ar bhóthar ár leasa agus nach bhfuil aon bhaol mór ann go n-imeoimid de sula mbainfimid an chéad stad eile amach i gceann ceithre bliana.
An t-athrú de réir a chéile ó bhreoslaí iontaise go fuinneamh glas le leictreachas a ghiniúint, is é is mó is cúis leis an aer in Éirinn a bheith níos glaine, é sin agus modhanna nua le sciodar a spraeáil ar fheirmeacha, a deirtear sa tuarascáil nua.
Áirítear i measc na dtruailleán a shalaíonn an t-aer dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine agus amóinia.
I measc na dtinneas a chothaíonn truailleáin mar iad i measc daoine áirítear diaibéiteas, ardbhrú fola, agus asma.
Ar an taobh eile den scéal, tá feachtas á sheoladh inniu chun aird a tharraingt ar thruailliú uisce ag lotnaidicídí agus séasúr na spraeála buailte linn.
Dírithe ar sholáthairtí uisce áirithe atá an feachtas mar gurb iad is rialta a thruaillítear.
Áirítear ina measc sin Droim Chatha i gCo Lú, An Longfort Láir agus Faing/Inbhear na Sionainne.
Táthar ag iarraidh ar fheirmeoirí sna ceantair sin a bheith fíorchúramach agus iad ag spraeáil a gcuid barr i mbliana.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


