Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Teocht chomh hard le 21 céim ... in áiteanna ... in amanna

24 APRIL 2026, 11:08

Tráth trá: Na Dúnaibh, Ros Goill, Cuan na gCaorach, Co Dhún na nGall
X Facebook

D'fhéadfadh an teocht éirí chomh hard le 21 céim i gcodanna den tír i gcaitheamh an deireadh seachtaine, dar le Met Éireann.

Sa réamhaisnéis náisiúnta a d'eisigh na meitéareolaithe, gealltar grian agus brothall den chuid is mó as seo go lár na seachtaine seo chugainn ar an gcuid is lú.

Mar leis an lá inniu, beidh sé grianmhar i mbunáite na tíre ach scamallach freisin san iarthar agus san iardheisceart.

Idir ceithre chéim déag agus fiche céim is airde a bheas an teocht, agus is san iarthar is dóichí is teo a bheas sé in ainneoin na scamall.

Amárach, is san oirthear is teo a bheas sé, 21 céim go deimhin in amanna.

Níos ísle a bheas an teocht Dé Domhnaigh, ocht gcéim déag.

Ar an 30 Aibreán anuraidh, bhain an teocht 25.9 céim amach i mBaile Átha an Rí i gCo na Gaillimhe.

Siúd is gur ard í mar theocht an tráth seo bliana, deir Met Éireann nach bhfuil sí "ró-neamhghnách".

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ