Tá tús curtha le hiarrachtaí trálaer a cuireadh ar na carraigeacha i mbéal chuain an Daingin anuraidh a bhaint as an áit.
I Mí na Nollag b'éigean tárrtháil le heileacaptar a thabhairt do chriú an Fastnet, bád 27 méadar ar fhaid, nuair a theip ar inneall an bháid agus í ag fágaint chuan an Daingin. Tá an an trálaer, atá cláraithe sa bhFrainc ar na carraigeacha ó shin.
I rith an deireadh seachtaine d’éirigh le lucht tárrthálais árdán mór atá suite ar cheithre chosa a chur I bhfeac taobh leis an mbád. Tá crann tógála suite ar an árdán.
Tá sé beartaithe an bád, atá 350 tonna ar meáchan, a ghearradh suas ina phíosaí agus iad a árdach ón mbád le crann tógala. Cuirfear na píosaí miotail isteach i leoraí a bheidh suite ar bháirse leandála sara dtabharfar i dtír iad.
Deir Seán Harrington ón gcomhlacht tárrthálais atá i mbun na hoibre, gur beartas dúshlánach e an bád a bhaint dos na carraigeacha, toisc go bhfuil an trálaer suite in uisce éadoimhin agus in áit a mbuaileann borraí móra farraige go minic.
Meastar go dtógfaidh an obair suas le 8 seachtaine. Tá costas na hoibre ag titeam ar na comhlachtaí árachais atá luaite leis an mbád.


