Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear gafa faoin ionsaí ar stáisiún PSNI Dé Sathairn.

28 APRIL 2026, 16:44

Stáisiún PSNI Dhún Mhuirígh tar éis an ionsaithe
X Facebook

Tá fear gafa ag an PSNI faoin Acht Sceimhlitheoireachta maidir leis an ionsaí a rinneadh ar stáisiún póilíní i ndeisceart Bhéal Feirste oíche Dé Sathairn.

Tá an fear 66 bhliana d'aois.

Maíonn an grúpa easaontóirí poblachtánacha an New IRA gurb iad a rinne an t-ionsaí i nDún Mhúirígh Dé Sathairn agus ceann eile cosúil leis i gCo. Ard Mhacha le déanaí.

Tuigtear gur fuadaíodh carr seachadta agus gur cuireadh sorcóir gáis ann, gur ordaíodh do thiománaí an chairr tiomáinte chuig stáisiún PSNI Dhún Mhuirígh. Tréigeadh an carr ansin sular phléasc an goireas taobh amuigh den stáisiún. Tharla an pléascán fhad a bhí daoine á n-aslonnú ach níor gortaíodh aon duine.

Cé nach raibh an goireas ró-shofaisticiúil, dar leis an PSNI, ba ghuagach an goireas é agus ba mheargánta an beart é.

De bharr mar ar fhreagair na póilíní don bhagairt, níor gortaíodh aon duine, ach míorúilt é an méid sin, a dúirt leas-Príomh-Chonstábla, Bobby Singleton, agus thug sé 'ionsaí meata' air.

Dúirt an PSNI freisin inniu, go gcuirfí ar bun feachtas póilínteachta le cur in aghaidh an bhagairt ó easaontachtóirí poblachtánacha.

Léirigh an t-ionsaí ar Dhún Mhuirígh, a dúradh, go raibh rún ag na grúpaí sin cur as do phobail agus dochar a dhéanamh dóibh.

Tá an t-ionsdaí Dé Sathairn cáinte ag ceannairí polaitíochta an Tuaiscirt a tháinig le chéile i Stormont le cur in aghaidh na heachtra.