Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Beirt fhear maraithe i dtionóiscí bóthair

29 APRIL 2026, 12:10

Beirt fhear maraithe i dtionóiscí bóthair
X Facebook

Maraíodh beirt fhear i dtionóiscí bóthair a tharla i gCo na Gaillimhe agus sa Longfort.

Fear sna seascaidí a bhí sa té a maraíodh i dtionóisc a tharla i dTír Úr sa Droichead Nua in aice le Béal Átha na Sluaighe ag thart ar 9.45 ar maidin inniu.

Deir na Gardaí gur imigh gluaisteán an fhir den bhóthar agus nach raibh aon fheithicil eile bainteach leis an tubaiste.

Bhásaigh an fear ar an mball.

Is i mbaile an Longfoirt a tharla an tionóisc eile.

Gortaíodh go dona fear sna hochtóidí nuair a bhuail gluaisteán é ar Shráid an Iarla ar an mbaile ag thart ar 10 a chlog ar maidin inné.

Tugadh é ar héileacaptar go hOspidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath, áit ar éag sé tráthnóna inné.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ