Tá sé curtha in iúl don Rialtas ag an gcomhlacht néalríomhaireachta Oracle go bhfuil rún ag an gcomhlacht oibrithe a ligean chun siúil in Éirinn.
Tuigtear gur thart ar 150 oibrí atá i gceist.
Baineann an scéal leis an bhforbairt atá Orcale agus comhlachtaí mar iad a dhéanamh ar Intleacht Shaorga.
Tá 162,000 duine fostaithe go lánaimseartha ag Oracle ar fud an domhain agus tá an comhlacht ag beartú oibrithe a ligean chun siúil i dtíortha eile chomh maith le hÉirinn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


