Ní mór don Stát idir €450 milliún agus €700 milliún a chur ar fáil gach bliain d'fheirmeoirí, d'iascairí agus do lucht foraoiseachta chun an comhshaol a chosaint, de réir a bhfuil i dtuarascáil nua ón gCoiste Comhairleach Neamhspleách um Athchóiriú an Dúlra.
Deirtear sa tuarascáil go bhfuil drochbhail ar 90% de ghnáthóga cosanta an Stáit agus go bhfuil Éire ar cheann de na tíortha is measa ar domhan ón taobh sin de.
Mar bharr ar an donas, as ballstáit uile an Aontais Eorpaigh, is í Éire an tír a chaitheann an sciar is lú dá holltáirgeacht intíre ar ghnóthaí dúlra.
Caithfear é sin a chur ina cheart, a deir údair na tuarascála, go háirithe ó caithfear rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le hathchóiriú an dúlra a chur i bhfeidhm.
Mura gcuirfear i bhfeidhm an rialachán sin, gearrfar fíneálacha na milliún euro ar Éirinn, agus b'fhéidir na mílte milliún euro, dar le lucht an choiste neamhspleách.
I dtús na haicíde is fusa a leigheas, nó sula rachaidh sé in ainseal ar fad, agus má infheistítear an t-airgead anois, ar siad, sábhálfar an t-uafás airgid i bhfad na haimsire.
Dúirt cathaoirleach an choiste Aoibhinn Ní Shúilleabháin go n-áireofaí san infheistíocht mhór a theastaíonn cosaint ar thuilte, cuir i gcás, cúis a bhfuil go leor cainte á tharraingt aige ar na saolta seo.
D'iarr sí ar an Rialtas cur lena bhfuil ann cheana de scéimeanna agrai-chomhshaoil.
Tar éis an tsaoil, ar sí, is feirmeoirí is fearr a thabharfas aire don dúlra ós é a leas é más mian leo a maoin a sheachadadh ar gcéad ghlúin eile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


