Dúirt Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly nach bhféadfaí neamhaird a thabhairt ar an imní atá ar an bhfoireann agus ar mhic léinn in Ollscoil na Gaillimhe faoin gceangal atá idir an coláiste sin agus institiúidí oideachais in Iosrael.
In óráid a thug sí uaithi ag ócáid do Alumni na hOllscoile, mhaígh an tUachtarán nach bhféadfaí neamhshuim a dhéanamh den scéal mar go bhfuil oibleagáidí ar an Stát seo faoin dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta araon.
Thug ionadaithe ón gComhghuaillíocht i gcoinne Cinedhíothú in Ollscoil na Gaillimhe litir ar láimh d' Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh David Burn, agus d'fhoireann bainistíochta na hOllscoile inniu maidir leis an gcúis.
Tá sé ráite ag Ollscoil na Gaillimhe cheana nach bhféadfaí deireadh a chur leis an togra taighde Asterisk a bhfuil an coláiste páirteach ann in éineacht le hInstitiúid Technion in Iosrael mar go bhfuil oibleagáid chonartha ar an Ollscoil.
Dar leis an gComhghuaillíocht, áfach, go sáraíonn dualgais i leith an dlí idirnáisiúnta dhaonna, go sáraíonn siad an dlí conartha agus gur ag cumadh leithscéalta atá an Ollscoil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


