Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cúigear á gceistiú faoi dhúnmharú in Éadan Doire

30 APRIL 2026, 09:11

Tadhg Farrell agus Mary Holt
X Facebook

Tá an cúigiú duine tógtha agus á gceistiú ag na Gardaí maidir le dúnmharú buachalla óig agus a sheanaintín i dteach in Éadan Doire i gCo Uíbh Fhailí mí na Nollag seo caite.

Tráthnóna inné a gabhadh an cúigiú duine, fear sna fichidí.

Is arú inné a gabhadh an ceathrar eile, beirt fhear sna fichidí, fear sna tríochaidí agus ógánach.

Maraíodh Tadhg Farrell, a bhí ceithre bliana d'aois, agus Mary Holt, a bhí 60 bliain d'aois, nuair a caitheadh buama peitril leis an teach i bPáirc Radharc an Chaisleáin in Éadan Doire ar an 6 Nollaig.

Dódh go dona freisin seanmháthair Thaidhg, Pauline Holt, san ionsaí.

Tá an cúigear a gabhadh á gceistiú i stáisúin Ghardaí in oirthear agus i lár na tíre.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ