I gCúirt Chróinéara Bhéal Feirste, dúirt breitheamh go ndeachaigh saighdiúirí ó Arm na Breataine thar cailc agus gur imigh siad ó smacht nuair a mharaigh siad cúigear, ar pháistí triúr acu, i gceantar Chluanaí-na Carraige Gile in iarthar na cathrach sin ar an 9 Iúil 1972.
Ina rialú, dúirt an Breitheamh David Scoffield "nach raibh aon duine i mbaol" ó thriúr den chúigear a lámhach na saighdiúirí ó bhuíon dá ngaireadh Reisimint an Rí.
Is é an saighdiúir céanna a mharaigh an triúr sin – David McCafferty, cúig bliana déag d'aois; Paddy Butler, 38 bliain; agus sagart, an tAthair Noel Fitzpatrick, 42 bliain.
Mar leis an gceathrú duine, cailín trí bliana déag, Margaret Gargan, ar mharaigh saighdiúir eile í, dúirt an Breitheamh Scoffield "nach raibh aon duine i mbaol uaithi ar chor ar bith".
I dtaobh an chúigiú duine, John Dougal, a bhí sé bliana déag, dúirt an breitheamh nach raibh sé réasúnta ag an saighdiúir a mharaigh an buachaill a ghunna a scaoileadh leis.
Comhalta d'Fhianna Éireann ar thaobh an IRA Shealadaigh ab ea John Dougal.
Dúirt an breitheamh gur dhóichí go raibh se ag teitheadh ó na saighdiúirí nuair a lámhachadh é sa droim.
Dúirt sé freisin nach bhféadfadh sé a rá an raibh an t-ógánach armtha nó nach raibh.
Comhalta d'Fhianna Éireann ar thaobh an IRA Oifigiúil ab ea David McCafferty.
Dúirt an breitheamh nach raibh seisean armtha.
Bhí sos comhraic fógartha ag an IRA Oifigiúil cúig seachtaine roimh an sléacht.
Thug an breitheamh le fios gur scaoileadh piléir i gceantar Chluanaí agus gur mharaigh an tIRA Sealadach beirt ó Reisimint an Rí i gceantar eile níos túisce tráthnóna an 9 Iúil.
Dúirt sé go mb'fhéidir go raibh baint aige sin le mire na saighdiúirí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


