Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Seachtar as Éirinn gafa ag fórsaí Iosrael

30 APRIL 2026, 11:05

Gníomhaithe á ngabháil ag fórsaí Iosrael
X Facebook

Tá seachtar Éireannach i measc 175 gníomhaí atá gafa ag fórsaí míleata Iosrael tar éis do chabhlach na tíre sin teacht roimh fhiche bád ó loingeas cabhrach daonnúla a bhí ar a bealach go Gaza.

I ráiteas, dúirt roinn gnóthaí eachtracha Iosrael go raibh na báid agus na gníomhaithe á dtabhairt "go síochánta" go hIosrael.

Dúirt urlabhraí ar son na ngníomhaithe, áfach, gur in uiscí idirnáisiúnta amach ón nGréig a stop na hIosraelaigh iad agus go gcruthaíonn sin arís eile, má bhí cruthú ag teastáil, go bhfuil "cead a cinn" ag Iosrael.

Margaret Connolly, deirfiúr le hUachtarán na hÉireann Catherine Connolly, tá sí ar bord ceann de bháid an loingis cabhrach ach níl an bád sin i measc na gcinn a stop na hIosraelaigh go nuige seo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ