Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Rothaí agus tiománaí tarracóra maraithe i dtimpistí bóthair

04 MAY 2026, 11:07

Sna 30í agus 50í a bhí an bheirt fhear atá caillte
X Facebook

Tá beirt fhear mheánaosta maraithe i 2 thubaiste éagsúil ar na bóithre ó inné.

Aréir a bhásaigh fear a bhí thart ar 50 bliain d'aois de bharr timpiste inné i gCo Laoise.

Ag rothaíocht a bhí sé nuair a bhuail sé ráillí ar Ascaill an Choláiste i Móinteach Mílic thart ar 4.30 tráthnóna Dé Domhnaigh.

Tugadh chuig Ospidéal Réigiúnda Phort Laoise é agus é gortaithe go dona agus is ansiúd a cailleadh é.

Tá an bóthar dúnta go fóill agus an trácht á cur ar mhalairt slí fad is a bheidh meitheal dlí-eolaíoch na nGardaí i mbun fiosraithe.

Tá na Gardaí ag lorg cúnamh ón bpobal agus iad ag iarraidh ar dhaoine glaoch ar an mbeairic áitiúil ar 057 867 4100 nó ar an líne rúnda náisiúnta ar 1800 666 111.

Tiománaí Tarracóra

I gCo an Chabháin a tharla an dara tubaiste nuair a maraíodh fear a bhí beagnach dhá scór agus é ar tharracóir ar bhóthar áitiúil in Ardhcoill Bheag sna Carraigigh Bhuí.

Tamall roimh am lóin a tharla an timpiste.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála ag 12.40 tráthnóna inné, agus fritheadh an tiománaí básaithe ar an láthair.

Tá a chorp tugtha go hOspidéal Ginearálta an Chabháin/Mhuineacháin agus tá scrúdú iarbháis le cur air.

Tá scrúdú déanta ar an láthair agus tá na Gardaí ag lorg cúnamh an phobail ar 049 436 8800 sa gCabhán nó ar 1800 666 111.

57 anois líon na marbh ar na bóithre ó thús na bliana.