Tá Cabhlach Mheiriceá ag maíomh go bhfuil siad tar éis scriostóirí ar a bhfuil diúracáin treoraithe a sheoladh isteach ar Chaolas Hormuz le cuidiú a deir siad le tancaerí ola agus longa lastais atá sáinnithe ann.
Deir LárCheannas Fhórsaí na Stát Aontaithe (CENTCOM) go bhfuil na longa cogaidh faoi láthair i Murascaill na Peirse "tar éis dóibh seoladh thríd Chaolas Hormuz ag tacú le Project Freedom" a d'fhógair an tUachtarán Trump inné.
Más fíor don ráiteas ó CENTCOM tá dhá long lastais faoi bhratach Mheiriceá freisin "tar éis seoladh thríd an gCaolas agus iad ag leanacht go sábháilte lena dturas".
Níos túisce bhí Cabhlach na hIaráine ag maíomh gur ionsaigh siad agus gur shéan siad cead isteach go Caolas Hormuz do long de chuid Chabhlach Mheiriceá.
"Foláireamh géar agus cinniúnach" atá tugtha air ag áisíneacht nuachta Fars, a labhaireann go rialta thar ceann an Rialtais san Iaráin a deir Cumhachtaí Móra an Iarthair.
Tuairiscítear i Tehran gur bhuail dhá dhiúracán "long cogaidh le Meiriceá" agus í ag seoladh in aice le Calafort Jask, ag an mbealach isteach ó dheas den Chaolas, agus gur athraigh sí cúrsa amach arís as an gCaolas.
Tá fainic curtha go minic ag Fórsaí Armtha na hIaráine ar chabhlaigh na gCumhachtaí Móra gan a theacht isteach ar an gCaolas ó d'ionaigh Meiriceá agus Iosrael iad breis is 2 mhí ó shin.
Ní fíor gur bhuail aon diúracán aon long le Meiriceá a deir foinse ó Rialtas Washington leis an suíomh nuachta Axios.
Bhí sé ráite inné ag an Uachtarán Trump go mbeadh Meiriceá i mbun gnímh ó inniu le longa atá sáinnithe sa gCaolas a scaoileadh thríd "ar bhonn daonnachta" le cuidiú le tíortha atá neodrach sa gcogadh ar an Iaráin.
Is beag eile eolais tugtha ag an Uachtarán faoin "bplean" le cuidiú le criúnna atá ar bord coinnithe ar ancaire ar Hormuz ó thús an Mhárta agus atá anois tuairiscítear gann ar bhia agus soláthairtí eile.
Spreag an méid sin Ali Abdollahi, Ceann Feadhain Fhórsaí Aontaithe na hIaráine, leis an mbagairt chéanna a dhéanamh an athuair "go mbuailfí buille trom" ar fhórsaí Mheiriceá ar Chaolas Hormuz agus ag cur fainic an athuair ar thancaerí ola agus longa lastais gan corraí gan cead ó Chabhlach na hIaráine.
Tar éis fhógra Trump thug CENTCOM le fios go mbeadh 15,000 mairnéalach agus lucht armtha á gcur i dtreo "phlean an Uachtaráin" chomh maith le breis is 100 eitleán cogaidh - seolta ar muir agus ar tír - i dteannta longa cogaidh agus dróin.
"Agus muid ag leanacht leis an imshuí cabhlaigh" a dúirt ceannasaí CENTCOM an tAimiréal Brad Cooper "tá muid ag tacú freisin leis an misean cosanta seo atá riachtanach don tslándáil réigiúnda agus do gheilleagar na cruinne".
Tá na céadta long agus beagnach 20,000 mairnéalach sáinnithe ar Hormuz a deir an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta.
Ní raibh sé i bhfad ach an oiread tar éis an bhfógra as Washington sula raibh tuairisc ag Gníomhaireacht Thráchtáil Mhuirí na Ríochta Aontaithe go raibh tancaer ola tar éis fógra a chuir amach go raibh an soithíoch buailte ag teilgeáin de shaghas éigin, go raibh an chriú ar fad togha agus go raibh an bád 78 míle farraige ó thuaidh as Fujairah, i nAontas na nÉimíríochtaí Arabacha.
Dhá mhí ó thosaigh an cogadh agus mí iomlán ó fógraíodh sos comhraic níl aon chaint ar chruinniú eile idir Meiriceá agus an Iaráin faoi dheireadh a chur leis an aighneas atá tar éis costas breosla a mhéadú go mór go domhanda.


