Ciarraí le Dún na nGall cath mór Bhabhta 1 i gCraobh Peile na hÉireann, mar a bhí i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh agus cluiche ceannais na Sraithe sa Márta.
San leagan amach nua sa gcoimhlint do Chorn Mhig Uidhir beidh na Conallaigh agus lucht na Ríochta le chéile arís, ceann de 8 gcluiche sa gcéad bhabhta.
Imreoidh Baile Átha Cliath agus Co Lú in aghaidh a chéile arís, tar éis don Ardchathair an lámh i n-uachtar a fháil inné i gcluiche leathcheannais Chúige Laighean.
Beidh ar Mhaigh Eo, atá craite ó bhuail Ros Comáin i gCraobh Chonnacht iad, aghaidh a thabhairt ar Mhuineachán atá tar éis áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Chúige Ulaidh.
Ar a bhfód féin a bheidh Ros Comáin, le Tír Eoghain.
Tabharfaidh Ard Mhacha agus Doire faoina chéile, agus beidh Corcaigh le Co na Mí.
An Iarmhí agus An Cabhán, agus Gaillimh le Cill Dara, an dá chluiche eile.
Babhta 1, an Tarraingt
(Le n-imirt 23ú/24ú Bealtaine)
Ciarraí v Dún na nGall
Corcaigh v An Mhí
Gaillimh v Cill Dara
Ros Comáin v Tír Eoghain
(Le n-imirt 30ú/31ú Bealtaine)
Baile Átha Cliath v An Lú
Muineachán v Maigh Eo
An Iarmhí v An Cabhán
Ard Mhacha v Doire
Tá sé cinntithe go mbeidh foirne atá i gcluichí ceannais na gCúigí ar a bhfód féin i mBabhta 1, agus na cluichí ceannais sin le bheith imeartha as seo go ceann coicíse.
Curfar an 8 gcontae buacach in aghaidh a chéile i dtarraingt do Bhabhta 2A, agus cáilleoidh an 4 bhuaiteoir do chluichí ceathrú ceannais Chraobh na hÉireann.
Beidh tarraingt eile, Babhta 2B, don 8 gcontae a mbeidh teipthe orthu sa gcéad bhabhta, agus díbreofar as an gCraobh an 4 chontae a bheidh buailte an dara huair.
Tarraingeofar an 4 fhoireann a chaill i mBabhta 2A leis an 4 cinn a bhuaigh i mBabhta 2B.
Beidh an 4 bhuaiteoir as na coimhlintí sin iad féin ansin sna cluichí ceathrú ceannais, áit a mbeidh tarraingt eile leis an 4 chontae ó Bhabhta 2A, agus an Sodar i dtreo Sam ag géarú.


