Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Beirt maraithe "ag ionsaí cairr ar shlua" i Leipzig na Gearmáine

04 MAY 2026, 17:11

Meitheal éigeandála i Leipzig le taobh an chairr a tiomáineadh san ionsaí
X Facebook

Tá beirt maraithe agus slám eile daoine gortaithe ag carr a tiomáineadh faoi luas faoi shlua daoine i gcathair Leipzig in oirthear na Gearmáine.

Dheimhnigh méara na cathrach an méid sin ar ball beag agus dúirt sé freisin nach raibh aon eolas fós faoi chéard ba chion tsiocair leis an ionsaí.

Deir na póilíní go bhfuil an tiománaí gafa acu agus nach bhfuil aon chontúirt níos mó don phobal ann.

Deir Ceannasaí Sheirbhís Dóiteáin na cathrach go bhfuil 22 duine gortaithe, beirt acu leonta go han-dona.

Facthas carr den déanamh Volkswagen, a raibh damáiste déanta di, "agus duine le feiceáil ar bharr an fheithicil" á tiomáint faoi luas mór i gcrios coisithe a deir an craoltóir áitiúil Radio Leipzig.

Tá cuntas craolta ag an stáisiún ó dhaoine ar an láthair a chonaic coirp faoi bhráillíní agus cuntas freisin go raibh scian ag an té a ba chúis leis an ionsaí.