Tá an hantaivíreas tar éis scaipeadh ó dhuine go duine i ngar-theagmháil lena chéile ar an long saoire atá sáinnithe ar muir amach ó chósta thiar na hAfraice a deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (an WHO).
Deir Maria Van Kerkhove, an Stiúrthóir Ullmhú um Paindéime ar an ngníomhaireacht "go gcaithfear an bheirt atá ar bord an Hondius atá tinn a thabhairt i dtír gan mhoill" agus ansin an bád a sheoladh go dtí na hOileáin Chanáracha.
"Tá muid ag obair i gcomhar le údaráisí na Spáinne atá tar éis a rá go mbeidh fáilte roimh an long, agus go ndéanfaidh siad fiosrúchán iomlán eipidéimeolaíoch, agus dí-ghalrú iomlán ar an long, agus dar ndóigh meastúchán iomlán ar an gcontúirt ó thaobh na bpaisinéirí ar bord".
Dúirt Maria Van Kerkhove freisin go raibh an WHO den tuairim go raibh an víreas tolgtha ag an gcéad duine sa gcás seo sula raibh siad tagtha ar bord na loinge.
Cé gur annamh a scaipeann sé ó dhuine go duine tá tréimhse ghoir roinnt seachtainí in ann a bheith ag an aicíd, mar sin ní gá go mbeadh comharthaí sóirt fós ar dhaoine fiú agus an víreas tolgtha acu.
Seachtar anois buailte ag an víreas
Tá seachtar anois buailte ag hantaivíreas ar an long saoire atá sáinnithe ar muir amach ó chósta thiar na hAfraice a deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
Daoine as an mBreatain, as Meiriceá agus as an Spáinn is mó atá ar bord an Hondius, agus tá beirt as Éirinn freisin ina measc agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha tar éis a bheith i dteagmháil leo.
Tá 2 chás den ghalar deimhnithe sa saotharlann agus tá 5 chás eile á bhfiosrú a deir an WHO.
Tá triúr básaithe - lánúin as an Ísiltír agus Gearmánach - agus tá duine amháin faoi dhianchúraim ospidéil san Afraic Threas agus tá triúr eile ar bord a bhfuil comharthaí sóirt orthu.
Deir an WHO chomh maith go bhfuil siad sa tóir ar dhaoine a bhí ar an eitilt chéanna as oileán Saint Helena go Johannesburg le paisinéir ar an Hondius atá básaithe ó shin.
Bean as an Ísiltír a bhí inti, agus bhí a fear céile básaithe leis an víreas ar an long.
D'fhág sise an bád an 24ú Aibreán i Saint Helena agus "comharthaí sóirt gastraistéigeach" uirthi.
Chuaigh sí "chun olcais ar bord an eitleáin go Johannesburg" agus cailleadh an 26ú Aibreán í a deir an WHO.
"Tá rianú teagmhálacha do na paisinéirí a bhí ar an eitilt tosaithe" a deir an eagraíocht sláinte.
Daoine sáinnithe
Idir an dá linn tá 150 duine fós ar bord na loinge.

Frídíní san aer ó fhual agus salachar luchain agus francaigh is iondúil is cúis le scaipeadh an víris, agus ní scaipeann sé go réidh ó dhuine go duine.
Níl aon chogas ar leith ann le ghabháil i ngleic le hantaivíreas agus curtar othair a bhíonn buailte go dona ar mheaisín aerála in aonad dianchúraim.
Deir an WHO gur beag contúirt atá ann don phobal i gcoiteann agus deir siad nach bhfuil gá le srianta taistil.
Mar sin féin tá an Rialtas i Rinn Verde tar éis a rá nach bhfuil siad ag tabhairt cead don long faoi bhratach na hÍsiltíre a theacht go calafort.
"An éiginnteacht is measa"
"Ní ceannlínte nuachta muid.
Is daoine muid, agus daoine a bhaineann linn ag fanacht linn sa mbaile" a dúirt Jake Rosmarin, paisinéir agus blagálaí taistil, ar fhíseán ar an ardán Instagram seolta aréir ón mbád.
"An éiginnteacht is measa" a dúirt sé.
Deir Oceanwide Expedition, an comhlacht as an Ísiltír gur leo an long, go bhfuil sé ráite acu le paisinéirí fanacht ina gcuid seomraí ar fhaitíos go scaipfeadh an tinneas tuilleadh.
Cé gur annamh a scaipeann sé ó dhuine go duine tá tréimhse ghoir roinnt seachtainí in ann a bheith ag an aicíd, mar sin ní gá go mbeadh comharthaí sóirt fós ar dhaoine fiú agus an víreas tolgtha acu.
Deir Oceanwide Expeditions go bhfuil súil acu paisinéirí a thástáil agus dream gan tinneas a scaoileadh i dtír ar Las Palmas agus Tenerife sna hOileáin Chanáracha.
D'fhág an MV Hondius Ushuaia san Airgintín mí an Mhárta ag seoladh ó dheas ar thuras dúlra ar chostas idir €14,000 agus €22,000 go Antartaice, na Malvinas agus oileáin eile agus as sin soir trasna an Atlantaigh chomh fada le Rinn Verde san Afraic, a sroicheadh arú inné.


