Tá an múinteoir Enoch Burke le coinneáil i ngéibheann tar éis dó diúltú arís inniu d'ordú cúirte agus as a dheimhniú go bhfillfeadh sé agus go ndéanfadh sé treaspás i Scoil Ospidéil Wilson dá bhfaigheadh sé deis.
Ar nasc físe a bhí sé os comhair na hArdchúirte le seans a thabhairt dó a dhíspeagadh cúirte a sciúradh, rud a thabharfadh cead a chois as an bpríosún dó.
Tá aighneas dlí idir é agus an scoil i gCo na hIarmhí ó 2022.
Cuireadh ar fionraí óna phost é tar éis eachtraí a tharla tar éis don phríomhoide ag an am iarraidh air ainm agus forainm nua a thabhairt ar dhalta sa scoil mar a bhí ón dalta sin.
Briseadh as a phost ina dhiaidh sin é.
Tá argóint déanta go minic ag an múinteoir gur sárú ar an mBunreacht a bhí sa treoir a thug an príomhoide agus gur sárú a bhí ann ar a cheart féin a chreideamh a chur in iúl.
Tá 670 lá caite sa bpríosún faoin tráth seo aige ó dhiúltaigh sé glacadh le ordú cúirte gan treaspás a dhéanamh ag an scoil.
"Níor chóir go mbeinn sa bpríosún" a dúirt Enoch Burke inniu sa gcúirt.
"Ba chóir go mbeinn imo sheomra ranga, ba chóir go mbeinn le mo chuid daltaí, níor chóir gur anseo a bheinn".
Nuair a d'fhiafraigh an Breitheamh Brian Cregan dó an raibh rún aige filleadh ar an scoil dá scaoilfí amach é dúirt an Búrcach go raibh sé "tar éis freastail go dílis ar m'áit oibre le ocht mbliana agus ní treaspás é sin".
"Is eol go maith duit" a dúirt an Breitheamh Cregan "go bhfuil tú ag sárú ordú ón Ardchúirt.
Is léir a Uas Burke nach mian leat do dhíspeagadh a sciúradh.
Níl an scoil á do iarraidh sa bpríosún agus níl an chúirt á do iarraidh sa bpríosún".


