Tá Rialtas na nOileán Canárach ag diúltiú cead a thabhairt don long ina bhfuil ráig de hantaivíreas uirthi teacht le cé ar na hoileáin sa Spáinn.
Dúirt Uachtarán na nOileán Canárach, Fernando Clavijo nach bhfuil dóthain eolais ann chun an pobal a chur ar a suaimhneas ná chun a gcuid sábháilteachta a chinntiú. Deir sé go bhfuil sé ag lorg cruinniú práinneach le príomh-aire na Spáinne Pedro Sánchez chun an scéal an phlé.
Bhí cead tugtha ag Údaráis na Spáinne don árthach, atá ar ancaire amach ó chósta Rinn Verde faoi láthair, taisteal chomh fada leis na hOileáin Chanáracha agus go mbeadh cead ag paisinéirí teacht i dtír ach deir Uachtarán na nOileán Canárach nach féidir leis cead a thabhairt chun é sin a dhéanamh.
Tá ráig den Hantaivíreas ar bord an MV Hondius, a d'fhág an Airgintín ar an gcéad lá d'Aibreán.
Tá triúr tar éis bháis go dtí seo agus tá sé deimhnithe gur mar gheall ar hantaivíreas a bhásaigh beirt acu sin.
Tá triúr a bhfuil amhras ann go bhfuil an víreas tolgtha acu tógtha ón long agus táthar á dtabhairt chomh fada leis an Ísiltír chun go gcuirfí cóir leighis orthu.
Is ón nGearmáin, ón mBreatain agus ón Isiltír don triúr atá i gceist. Tuigtear go bhfuil bail sheasmhach orthu.
Tá beirt phaisinéirí Éireannacha i measc an 149 duine atá ar bord an MV Hondius.
Idir an dá linn, in ainneoin cur i gcoinne ó rialtas áitiúil na nOileán Canárach, tá sé ráite ag Aire Sláinte na Spáinne Monica Garcia Gomez go bhfuil an long le teacht i dtír ag Granadilla ar oileán Tenerife taobh istigh do thrí lá.


