Bhí an comóradh bliantúil ar Éirí Amach na Cásca 1916 ar bun i gCnoc an Arbhair i mBaile Átha Cliath inniu.
Leag Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, bláthfhleasc ag uaigheanna na gceannairí a cuireadh chun báis le linn Éirí Amach na Cásca, 102 bliain ó shin agus bhí noiméad ciúnais ann ina gcuimhne.
Bhí an Taoiseach Michéal Martin, an Tanáiste Simon Harris agus an tAire Cosanta, Helen McEntee chomh maith le gaolta na gceannairí i láthair ag an ócáid.


