Tá 5,000 post d'altraí fós gan líonadh i gcóras sláinte poiblí na tíre seo, a deir Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann.
Dúradh an méid sin ag comhdháil bhliantúil an chumainn atá ar siúl i nDún Dealgan, i gContae Lú.
Deir Ard-Rúnaí an Chumainn, Phil Ní Sheaghdha go bhfuil an easpa foirne ag cur brú millteanach ar altraí agus go raibh baol ann d'othair dá bharr.
Beidh an tAire Sláinte Jennifer Carroll McNeill ag labhairt ag an gcomhdháil amárach.


