Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An hantavíreas tolgtha ag cúigear paisinéir ar an MV Hondius

07 MAY 2026, 15:02

Bhain údaráis sláinte Capo Verde triúr paisinéir den long MV Hondius inné.
X Facebook

Tá sé dearbhaithe ag an Eagraíocht Sláinte Domhanda go bhfuil an hantavíreas ar chúigear den ochtar a raibh amhras futhú.

Deir an Eagraíocht go bhfuil an baol do shláinte an phobail an-íseal.

D'fhéadfadh sé go bhfuil an galar tolgtha ag daoine eile ach nach bhfuil sé dearbhaithe go fóill de bhrí go mbaineann sé tamall fada as comharthaí an víris teacht chun cinn.

Tá bean as an Ísiltír a bhfuil comharthaí sóirt atá cosúil le hionfhabhtú hantavíris uirthi, faoi chúram ospidéil in Amstardam, a deir údaráis sláinte na tíre sin.

Thuairiscigh an craoltóir RTL gur aeróstach leis an aerlíne Ísiltíreach KLM í an bhean, agus go raibh teagmháil aici leis bean a bhásaigh de bharr ionfhabhtú ón hantavíreas i Johannesburg.

Tá údaráis sláinte ar fud an domhain ar theann a ndíchill anois ag iarraidh theacht suas le daoine a bhí ar an long pléisiúir an MV Hondius a bhfuil an ráig den ghalar uirthi. Seo daoine a d'fhág an long sular sáinníodh í amach ó chósta Capo Verde.

Bhásaigh triúr, lánúin Dhúitseach agus Gearmánach nuair a tholg siad an hantavíreas.

Inné dúirt rialtas na hÍsiltíre go ndeachaigh thart ar 40 paisinéir i dtír ar oileán Santa Helena, áit ar stad an long ar a bealach go Capo Verde, sular cuireadh in iúl go raibh an galar tolgtha ag daoine a bhí ar bord.

Ní fios go fóill cá bhfuil cuid mhaith de na paisinéirí seo.

Bhí bean chéile an fhir as an Ísiltír a bhásaigh ar bord na loinge ar an 11 Aibreán ina measc siúd a chuaigh i dtír i Santa Helena. D'éirigh sise í féin tinn agus bhásaigh sí sular éirigh léi an Ísiltír a bhaint amach.

Dúirt an aerlíne KLM inné gur bhain siad an bhean de eitleán i Johannesburg ar an 25 Aibreán de bharr go raibh sí ag éirí níos tinne.

A person in a hazmat suit (2R) is escorted to a ambulance from a medical aircraft allegedly carrying some of the passengers from the cruise ship
Daoine faoi éide chosanta ag tionlacan othair ó eitleán chuig otharcharr ag aerfort Schipol in Amstardam

Deir aireacht sláinte na hAirgintíne go raibh an lánúin tar éis taisteal tríd an tSile, an Uaragua agus an Airgintín sula ndeachaigh siad ar bord an Hondius. Bhain siad an Airgintín amach ar an 27 Samhain, chuaigh siad as sin chuig an tSile agus Uragua sular fhill siad chuig an Airgintín ar an 27 Márta le dhul ar bord an MV Hondius ar an 1 Aibreán.

Ní abróidh aireacht sláinte na hAirgintíne cár tholg an lánúin an víreas ach tá sé i gceist acu scrúduithe a dhéanamh ar shalachar luchóga i gcathair Ushuaia i ndeisceart na tíre, san áit ar thoisigh an long a turas.

Tógadh triúr paisinéir den long inné - tá duine acu san ospidéal san Ísiltír agus tugadh duine eile chuig ospidéal sa Ghearmáin le cóir leighis a fháil.

Bhain an t-eitleán ina raibh an tríú othar, an Ísiltír amach ar maidin. Tuigtear gur cuireadh moill ar an eitilt de bharr deacrachtaí le córas cothaithe beatha an duine sin.

Tá corp an Ghearmánaigh a bhásaigh de bharr an ghalair, fós ar bord na loinge.

Tá fhios anois gur sainchineál Aindéach atá sa víreas a tholg na paisinéirí - tuigtear go scaipeann sé ó dhuine go duine fríd theagmháil fíor-ghar.

Deir na saineolaithe go bhfuil sé fíor annamh a scaipeann an galar, ach tá údaráis sláinte ar an airdeall anois ó bhris an ráig amach.