Tá na Gardaí i gCo. Mhaigh Eo ag fiosrú bhás fir ina chuid tríochaidí i dteach i gCaisleán a Bharraigh ar maidin.
Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála chuig an teach thart ar a 9 a chlog nuair a thánagthas an an fhear gan aithne ná urlabhra.
Fógraíodh tamall ina dhiaidh sé go raibh sé marbh.
Tá fios curtha ag na Gardaí ar Oifig Phaiteolaí an Stáit agus níl cead isteach san áit ina dtánagthas ar an chorp.


