Tá an chead cheannn de dhá phobalbhreith ag TG4 agus The Irish Times don dá fhotoghchán ag deireadh na míosa, fóilsithe tráthnóna.
17 n-iarrthóir atá san iomaíocht don aon suíochán amháin i nGaillimh Thiar, agus de réir na pobalbhreithe seo, is ag Seán Kyne ó Fhine Gael a bheidh an sciar is mór den vóta agus é ag mealladh 17%.
Seo mar a chruthaigh na hiarrthóirí sa phobalbhreith a rinne Ipsos B&A, inar cuireadh agallamh ar 530 duine idir an 1 agus 5 Bealtaine:
- Seán Kyne FG 17%
- Noel Thomas ÉN 1 6%
- Helen Ogbu LO 12%
- Míde Nic Fhionnlaoich DS 9%
- Cillian Keane FF 8%
- Mike Cubbard NS 7%
- Mark Lohan SF 7%
- Niall Murphy CG 6%
- Thomas Welby NS 6%
- Orla Nugent AON 4%
- Sheile Garrity NS 3%
- Denman Rooke PSB 2%
- AJ Cahill IP 1%
- John O'Leary NS 1%
- Michael Ryan NS 1%
- Néill Bairéad NS <0.5%
- Patrick Feeney NS <0.5%
Cuireadh ceisteanna freisin ar na 530 duine faoi na hábhair is mó atá ag déanamh tinnis dóibh agus faoina ndearcadh i leith cheisteanna eile tráthúla:
Gaeilge bheith ag iarrthóir:
- Dúirt 32% gur mó an seans go vótálfaidh siad ar son iarrthóra a raibh Gaeilge aige nó aici
Tionchar sheasamh iarrthóra ar na hagóidí breosla ar an vóta
- Dúirt 35% go mbeadh an-tionchar aige ar a vóta
- Dúírt 32% go mbeadh roinnt tionchair aige ar a vóta
- Dúirt 32% eile nach mbeadh aon tionchar aige ar a vóta
Ach maidir le sástacht le láimhseáil an Rialtais ar na hagóidí breosla dúirt:
- 67% go raibh siad míshásta
- 20% go raibh siad sásta agus
- 12% nach raibh sásta nó míshásta
Maidir leis an éifeacht phearsanta a bhí an easpa tithíochta orthu, dúirt
- 35% go raibh éifeacht aige orthu agus
- 67% nach raibh éifeacht orthu


