'Fanfaidh mé i gceannas' a deir ceannaire an Lucht Oibre sa Bhreatain,Keir Starmer.
Sin in ainneoin an bualadh tubaisteach atá faighte ag a pháirtí i dtoghchán na gcomhairlí áitiúla sa tír.
Chaill na céadta comhairleoir a gcuid suíochán i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag i ndiaidh don phobal vótála a míshástacht a léiriú ag na bothanna vótála inné.
Fágadh príomh-pháirtí an fhreasúra, an Páirtí Caomhach ar an bhfaraor géar cuid mhaith freisin.
Is é páirtí Nigel Farage, Reform UK, is mó a bhfuil buntáiste faighte acu ar an titim sa vóta ag an dá pháirtí sin a raibh ceannas polaitiúil acu sa Bhreatain le leathchéad bliain anuas.
Beidh thart ar 30% de na vótaí céadroghaga Reform UK creidtear nuair a bheidh an comhaireamh críochnaithe.
Tá an páirtí anois freisin i ndiaidh seilbh a ghlacadh ar a chéad chomhairle riamh i gceantar Londain, comhairle Havering atá i gceist.
Tá Reform UK i gceannas freisin ar Chomhairle Essex, áit chónaithe cheannaire na gCaomhach,Kimi Badenoch.
Tá Nigel Farage ag caint cheana fhéin ar an athrú ó bhonn atá i ndán don chéad olltoghchán eile, as seo go ceann 3 bliana.
Bíodh sin mar atá dúirt Príomh-Aire na Breataine agus ceannaire An Lucht Oibre,Keir Starmer nach bhfuil aon chuimhne aige éirí as oifig agus go seasfaidh sé a théarma iomlán sa Rialtas.
D'admhaigh sé áfach freagracht as droch-thoradh an pháirtí sna toghcháin áitiúla seo.
Tá líon beag comhaltaí parlaiminte ag rá go gcaithfidh Starmer imeacht ach níl tada ráite ag a bhformhór.
Buaileadh an páirtí go trom i dtuaisceart Shasana, áit a mbíodh an páirtí tréan treallúsach tráth.
Tá sé á thuar freisin go mbuailfear An Lucht Oibre go trom sa Bhreatain Bheag den chéad uair le breis is 100 bliain.
Tá An Lucht Oibre freisin i bhfad taobh thiar den pháirtí náisiúnach in Albain, an SNP, páirtí atá ar thóir an mhóraimh glan sa tír sin.
Maidir le páirtithe eile tá ardú de bheagán ar vóta na Lib Dems, d'éirigh go maith leis Na Glasaigh freisin, threisigh siadsan go háitiúil agus bhuaigh siad Méaracht Hackney i Londain.


