Dúirt ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) go dtuigeann sí go rí-mhaith na ciúinsí faoina n-oibríonn altraí sa chás is go gcaitheann siad cóir a chur ar othair nach mbíonn leapacha ar fáil dóibh sna hospidéil.
Bhí Anne O'Connor ag labhairt ag comhdháil bhliantúil an INMO i nDún Dealgan.
Dúirt sí nach bhfuil an HSE ar nós chuma liom maidir le ró-phlódú sna hospidéil phoiblí.
Bhí méadú 4% anuraidh ar líon na ndaoine a tháinig chomh fada le rannóg na dtimpistí agus seirbhísí éigeandála sna hospidéil, 'ach ainneoin seo' a dúirt Anne O'Connor 'thit an líon othar a cuireadh ar thralaithe'.
Ar cheist an ró-chaiteachais de €250m go Márta i mbliana dúirt Anne O'Connor go gcosnófar sábháilteacht agus cúram na n-othar i gcónaí maidir le haon chinneadh a déantar ar chaiteachas.
Deir an INMO gur cheart don HSE tús áite a thabhairt do reachtaíocht a dhéanfadh cúram don fhoireann oibre.


